Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ta-ithir-na-reiligi-bheal-feirste-ar-maos-leis-an-scealaiocht

Tá ithir na reiligí Bhéal Feirste ar maos leis an scéalaíocht

Tá Seán Fennell ag déanamh camchuairteanna reilige i mBéal Feirste le breis agus bliain anuas. Forbraíodh an togra ó cheacht a rinne sé lena rang ar Ghaelscoil na bhFál inar thug sé scaifte daltaí go Reilig Bhaile an Mhuilinn ar lorg uaigh Winifred Carney. Dar le Seán, is í an reilig eochair na staire. Idir an Dara Cogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, agus Cogadh na gCarad, tá ithir na reiligí áitiúla i mBéal Feirste ar maos le rúin agus scéaltaí. Scéaltaí ar fiú iad a chaomhnú, a mhaíonn Seán.

Agus na camchuairteanna faoi lán seoil aige i rith Sheachtain na Gaeilge, shuigh Seán le NÓS chun cúlra agus tábhacht na gcamchuairteanna seo a phlé.

NÓS: Bhuel a Sheáin, go raibh míle maith agat as an deis thú a chur faoi agallamh inniu. Is léir go mbeidh tú an-ghníomhach le linn Sheachtain na Gaeilge agus na camchuairteanna reilige ar chláir imeachtaí roinnt eagraíochtaí. Cad é mar atá tú inniu?

Seán Fennell: Go maith a chara. Go maith. Tá mé ag súil leis na himeachtaí ar fad a bheas ag titim amach go ceann coicíse.

NÓS: Beidh neart ar siúl agat féin maidir leis an camchuairteanna agus grúpaí ag teacht ó cheantair éagsúla lena ndéanamh. Cad é mar a thosaigh an togra seo?

SF: Bhuel, is múinteoir bunscoile mé agus bhí suim agam sa stair i gcónaí. Ach caithfidh tú a bheith cruthaitheach agus nuálach leis an tsuim chéanna sin a chothú i bpáistí óga. Caithfidh tú a bheith ag smaointeamh ar dheiseanna foghlama nua.

Tá Reilig Bhaile an Mhuilinn díreach in aice leis an scoil agus an rud a rinne mise nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda idir lámha againn ná thug mé na páistí le hamharc ar an olluaigh sa reilig. Nuair a smaointíonn tú ar an fhocal ‘olluaigh’, ritheann Auschwitz agus na campaí géibhinn leat. Níl mé á gcur i gcomparáid leis an olluaigh atá sa reilig anseo, ach is olluaigh í inar cuireadh íospartaigh Blitz Bhéal Feirste in 1941.

Chuir mise suim ann seo i gcónaí agus nuair a deir tú na scéaltaí seo le páistí ag béal na huaighe, cuirtear beocht iontu. Nuair a labhraíonn tú faoi dhátaí agus tchíonn siad na dátaí céanna ar leaca cuimhneacháin, cuireann siad an tsuim chéanna ann. Sin mar a thosaigh mé leis na páistí beaga ach ar ndóighe, ghoid mise an coincheap ó Tom Hartley, fear na reiligí anseo i mBéal Feirste. Ina dhiaidh sin, tháinig ann do na leabharthaí agus na camchuairteanna móra.

NÓS: Agus bhí Tom Hartley ag dul do na camchuairteanna roimhe seo mar sin?

Tá na turais á ndéanamh ag Tom i mBéal Feirste leis na blianta fada anois agus is saineolaí é ar Reilig na Cathrach, Reilig Bhaile an Mhuilinn, agus Reilig Balmoral fiú. Chuir sé leabharthaí faoi na reiligí i gcló agus b’in nuair a d’iarr mé lámh chuidithe air. Bhí sé ar bís go raibh glúin nua ag cur suim sna reiligí. Rud amháin a fuair mé amach ná nár scríobhadh leabharthaí faoi na reiligí as Gaeilge roimhe seo. Seo na chéad leabharthaí a scríobhadh i nGaeilge fúthu agus thug sin ábhar bróid agus mórtais dom chomh maith.

Bhí Tom iontach flaithiúil lena chuid ama agus mé ar lorg tacaíochta. Tá sé iontach furasta eolas a fháil ar eachtraí agus ar ghníomhaithe Éirí Amach na Cásca ach cár cuireadh na daoine seo ina dhaidh? Dúirt mé le Tom, “Cá bhfuil uaigh Winifred Carney?”

Ina dhiaidh sin, chuir muid síos ar an uaigh agus an áit ina raibh sí sa reilig. Lig muid do na páistí tóraíocht taisce a dhéanamh chun teacht ar an uaigh féin agus ní shílim go ndéanfaidh siad dearmad air sin riamh. Chuir muid síol na staire iontu an lá sin. D’fhoghlaim siad cuid mhór agus bhain siad sult as ag an am chéanna.

NÓS: Caithfidh go raibh sé ina thógáil croí agus tú i mbun teagaisc go raibh na páistí ag cur suim san ábhar chéanna. Cén dóigh ar cuireadh na leabhair seo le chéile?

SF: Bhain muid úsáid as an choincheap a bhí ag Tom cheana féin ach é a chur in oiriúint do pháistí bunscoile, do dhaltaí meánscoile, agus do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge. Labhair muid le hoibrithe na reiligí agus fuair cuid den eolas ó ghnáthfhoinsí stairiúla. Tá comharthaí anois ann a chuireann síos ar cá huair a osclaíodh iad agus an fáth a bhfuil dhá reilig ann. Ba ghnách go raibh Baile an Mhuilinn ann do na Caitlicigh agus gur do Phrotastúnaigh a bhí Reilig na Cathrach. Tá balla faoin talamh a scar anamacha na gCaitliceach ó anamacha na bProtastúnach fadó agus luaitear sin mar chuid de na camchuairteanna.

NÓS: Tá sé sin iontach suimiúil agus gach seans nach mbeadh sin ar eolas ag daoine ar na saolta seo. Maith thú féin as an stair sin a chaomhnú go fóill. Cad í an tábhacht a bhaineann leis an stair sin, do bharúil?

SF: Ár stairse áitiúil atá ann. Ar Bhóthar na bhFál tá Winifred Carney, Cluain an Bhogaidh, agus Áras Uí Chonghaile againn. Is píosa tábhachtach staire é an scéal Titanic fosta. Ar an churaclam bunscoile, is féidir leat, ar bhealach, do rogha rud a theagasc agus staidéar áitiúil a dhéanamh. Cé nach bhfuil an oiread suime céanna agam sa Titanic, déanaim é a nascadh leis na reiligí mar cuireadh Edward Harland, Samuel Scott, agus William Pirrie inti.

Déanann na scéaltaí seo an stair beo nuair atá tú ag foghlaim taobh amuigh faoin spéir.

NÓS: Tá rud éigin íorónta faoi sin, nach bhfuil? An stair a dhéanamh beo i reilig.

SF: Tá an ceart agat! Is maith leis na páistí a bheith taobh amuigh agus ag déanamh fiosrúchán fosta. Sin an dóigh a gcuireann muid leis an fhoghlaim.

NÓS: Ar chuir rud ar bith iontas ort go dtí seo agus na camchuairteanna á ndéanamh agat?

SF: Achan uair a bhuail mé le Tom, dúirt sé, “Cuir an duine seo, agus an duine seo, agus an duine seo sa leabhar.” Bhí orainn srian a chur ar an rud mar bhí sé ag fás agus ag fás ach ba mhian liom an dara leabhar a dhéanamh anois. Is fearr liom Reilig Bhaile an Mhuilinn go pearsanta mar gheall ar stair na hÉireann. Thig leat a dhul chomh fada siar le Winifred Carney agus Éirí Amach 1916, nó Joe McKelvey agus Cogadh na gCarad.

Chuir mé go leor suime i scéal Joe. Nuair atá ainm duine ar leac cuimhneacháin, síleann achan duine go bhfuil an duine curtha faoin leac. Ní fíor atá seo in achan chás ach is fíor é i dtaca le Joe McKelvey agus is nasc é sin le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad. Agus mé obair le Tom – tá stair na hÉireann cineál fite fuaite – d’fhoghlaim mé gur cuireadh athair Joe McKelvey, a bhí ina fhear RIC, in aice leis. Mar sin, tá Joe McKelvey, laoch Poblachtánach, agus cúpla slat uaidh tá a athair a bhí san RIC. An-suimiúil ar fad agus tá cuid mhór rudaí den chineál sin ann.

NÓS: Is cinnte go bhfuil sé sin suimiúil agus mar a dúirt tú féin, cé gur scaradh na hanamacha fadó, tá an stair fite fuaite ar achan bhealach go fóill. A Sheáin a chara, gabhann muid ár mbuíochas leat arís as a bheith linn agus guíonn muid gach rath ort agus ar na camchuairteanna amach anseo.


Soláthraíonn Seán Fennell camchuairteanna reiligí lán-Ghaeilge do gach sórt grúpa idir Reilig Bhaile an Mhuilinn agus Reilig na Cathrach i mBéal Feirste. Más suim leat camchuairt a chur in áirithe, is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag sfennell419@gscoil.org nó @seanfennell4 ar X/Twitter.

The post Tá ithir na reiligí Bhéal Feirste ar maos leis an scéalaíocht appeared first on NÓS.

Níos mó