An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach dhá bliain i ndiaidh a chéile
Tá an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach le titim amach i gCeatharlach an tseachtain seo. Is í seo an dara bliain as a chéile a bheidh an fhéile, a thugann aitheantas do na teangacha Ceilteacha, i láthair sa bhaile. Déanfaidh an fhéile ceiliúradh ar theangacha as Éirinn, Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, Oileán Mhanann, agus an Bhriotáin tríd an amhránaíocht, aithris filíochta, agus an damhsa i measc rudaí eile. Is deis do na ceiltigh í an fhéile tairbhe a bhaint as comhluadar a chéile agus a gcur amach ar na teangacha eile a fheabhsú.
“Tá Ceatharlach réidh le haghaidh ionsaí na gceilteach nuair a bhaileoidh na sluaite sa bhaile thar chúig lá agus cúig oíche”
Beidh tithe tábhairne an bhaile ag cur thar maoil agus clár spleodrach réachtáilte ag eagraithe na féile. Maíonn an fhéile go bhfuil “Ceatharlach réidh le haghaidh ionsaí na gceilteach nuair a bhaileoidh na sluaite sa bhaile thar chúig lá agus cúig oíche” le dul ar sheisiúin cheoil, ceolchoirmeacha, agus léachtaí. Cloisfear an phíobaireacht, an drumadóireacht, cruit agus fidil i gcomórtais amhránaníochta agus comórtais na gcór agus beidh rince “idirCheilteach” le feiceáil ar fud an bhaile.
Déanfaidh Éabha Breathnach as Conamara ionadaíocht ar son na hÉireann sa Chomórtas Idirnáisiúnta Amhrán Nua-Chumtha lena hamhrán ‘Na Pictiúir ar an mBalla’. Beidh amhráin nua-chumtha ó gach tír in iomaíocht a chéile, curtha i láthair i dteanga na Tíre sin. €1500 an duais don chomórtas. Beidh buaiteoirí Chomórtais an Oireachtais anuraidh, Eileen Ní Chonghaile, Colm Ó Curraoin, agus Antaine Ó Faracháin ag abair amhráin ag an Chomórtas Amhránaíocht Thraidisiúnta fosta. Tá na comórtais le titim amach ar an 4 Aibreán agus an 3 Aibreán faoi seach, agus déanfar beoshruthú ar na comórtais uile ar Facebook.
“Thar aon ní eile is féile don phobal agus féile teaghlaigh í an Fhéile Pan Cheilteach”
Chun cur leis an chlár lomlán, beidh Banna Céilí Kilfenora i láthair ag Céilí na Féile agus déanfaidh Banna Ceoil na nGardaí ceolchoirm faoin aer. Thairis sin, tá seisiúin mic oscailte, scéalaíocht, agus filíocht ar chlár na bliana. Freastalóidh ceardlanna Ghàidhlig na hAlban, Manainnise, Coirnise, agus Gaeilge ar na sluaite teangeolaithe a bheidh ag an fhéile agus beidh deis ag na sé náisiún seilbh a ghlacadh ar oíche an tír ag Club na Féile chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas na dteangacha.
Beidh an fhéile ag tosú anocht an 2 Aibreán go ceann cúig oíche eile. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú anseo.
The post An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach dhá bliain i ndiaidh a chéile appeared first on NÓS.