Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-an-chloiteacht

Comhairle Carad: An Chloíteacht

| kathryn ni mhaolain | ,

Nach maith an rud é an obair chrua? Moltar muid as ár ndíograis, ár n-eitic oibre, ár ndéine. Ach cad a tharlaíonn nuair a chuireann an obair chrua isteach ar ár saol seachas cur leis? Cén dóigh a n-aithníonn tú go bhfuil tú cloíte, agus cad ba cheart a dhéanamh faoi? Go háirithe nuair is é an rud is fearr leat an rud atá do do scriosadh…

Pléim dhá cheist an tseachtain seo ó bheirt atá cloíte ag rud a bhfuil grá acu dó. Teachtaireacht na seachtaine seo: tá gá leis an scíste.

C, 29
Is múinteoir mé agus tá mé scriosta. Is breá liom mo phost ach bím fíorthuirseach gach lá agus tá mé ag streachailt le mo shaol sóisialta agus mo chuid caidreamh a choinneáil. Shíl mé go n-éireodh sé níos fusa i ndiaidh cúpla bliain ach i ndáiríre, d’éirigh sé níos deacra. Níor mhaith liom mo phost iontach agus mo chuid daltaí iontacha a fhágáil ach níl a fhios agam cén dóigh a mairfidh mé go deo mar seo.

Ní dóigh liom gur nuacht duit é go bhfuil tú cloíte. Nuair atá muid i lár na cloíteachta, bíonn sé deacair an bealach amach a aimsiú nó a chreidbheáil gurb ann dó fiú.

I mo thuairimse agus i mo chuid taithí féin, is post dodhéanta é an mhúinteoireacht. Ní hé sin le rá gur cheart do gach múinteoir éirí as, ach i ndáiríre creidim go mbíonn barraíocht le déanamh in amscála róghairid go rialta. Ní deirim sin le héadóchas, deirim é ag súil go dtabharfaidh sé faoiseamh de chineál éigin duit. Ní éireoidh leat gach rud a chríochnú choíche agus tá sin maith go leor! Ní bheidh gach ceacht foirfe. Tá sin maith go leor fosta. Cosúil le hobair an tí, tá sé leanúnach, tá sé carnach agus tá tosaíochtaí le déanamh ag amanna difriúla i rith na bliana.

caveat le mo chuid comhairle sa mhéid is gur fhág mise an mhúinteoireacht dhá bhliain ó shin. Ach feicim neart daoine a d’oibrigh liom nó a rinne traenáil múinteoireachta liom agus tá ag éirí go breá leo. Is féidir é a dhéanamh. Níl mé anseo le rá gur chóir duit fágáil, mar deir tú gur iontach an post é agus gur breá leat do chuid daltaí a theagasc. Mar sin, tabharfaidh mé comhairle duit ar conas an t-ualach oibre a láimhseáil ar scoil agus conas an chothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú.

Ag tús na scoilbhliana, is minic do mhúinteoirí pleananna móra a dhéanamh don bhliain agus spriocanna a leagan amach. Déanfaidh mé seo a athscríobh. Cuirfidh mé feabhas air seo. Cruthóidh mé seo… Agus ag an staid seo, má amharcann tú siar agus gan na spriocanna sin bainte amach agat, seans go mbeadh díomá ort. Ach cuimhnigh: ní éireoidh leat gach rud a dhéanamh. Agus más post é seo a mbeidh tú ann go ceann cúpla bliain eile, nó níos faide fiú, beidh neart ama ann na scéimeanna sin a athscríobh, na nótaí sin a fheabhsú, agus an áis sin a chruthú.

Mholfainn duit díriú ar mhórsprioc amháin in aghaidh na bliana agus í sin a bhriseadh anuas ina mionspriocanna gach téarma. Is féidir leat seachtainí áirithe a roghnú inar féidir leat a bheith ag obair ar an mhórsprioc sin, agus na seachtainí níos gnóthaí a fhágáil saor fá choinne tuairiscí, scrúduithe nó cibé rud eile a thagann aníos sa scoilbhliain. Leis an phleanáil éifeachtach seo, beidh sé i bhfad níos fusa do scoilbhliain a láimhseáil.

Mholfainn am a roghnú gach lá le bheith ar scoil agus am fágála a bheartú chomh maith. D’oir sé domhsa go minic a bheith istigh go luath ar maidin le hobair a dhéanamh sular tháinig na daltaí agus gan fanacht rómhall i ndiaidh na ndaltaí. Chiallaigh sin go raibh solas an lae feicthe agam i gcónaí, fiú sna laethanta dorcha geimhridh. Má chloíonn tú le ham ar leith, éireoidh do chorp cleachtaithe leis agus beidh sé níos fusa an brú a laghdú. Is fiú cuimhneamh nach mbeidh gach ceacht foirfe. Más am dul abhaile é agus níl gach rud iomlán réidh agat, is féidir leat cead a thabhairt duit féín imeacht. Is fiú cúpla ceacht nó leathanach oibre a bheith i do phóca cúil agat do na laethanta sin ar a mbíonn tú ag streachailt.

Seo ceann de na rudaí is tábhachtaí: bíodh do shos lóin agat. Tá a fhios agam gur minic a oibríonn múinteoirí trí am lóin, ag ullmhú agus ag ceartú, ag smaoineamh go n-éireoidh leo níos mó a dhéanamh. I ndáiríre, tá an sos sin de dhíth ort. Más féidearthacht é suíomh na scoile a fhágáil le rith amach chuig an tsiopa, nó níos fearr arís, le dul amach ag siúl, déan sin. Ná déan a bheag den scíste. Ní féidir feidhmiú gan fhuinneamh.

Déan iarracht an grá poist sin a chothú agus a chaomhnú. Bain sult as na rudaí deasa a dhéanann do chuid daltaí. Smaoinigh ar na rudaí is breá leat faoin phost. Agus ná bí i d’fhoirfeoir. Tá ag éirí go geal leat.

D, 17
Imrím camógaíocht le mo chlub, le mo scoil agus mo chontae. Tá mé ag streachailt go mór an traenáil ar fad a láimhseáil, agus caithfidh mé a rá nach bhfuil mé ag baint sult as an spórt níos mó. Ní mhothaím ach brú. Bíonn mo bhainisteoirí difriúla uilig feargach liom nuair a chaillim seisiún traenála nó cruinniú ach ní féidir liom gach rud a dhéanamh.

Ar dtús, sílim go bhfuil sé iontach aibí é seo a aithint ar an aois atá tú. Ní minic a aithníonn daoine comharthaí na cloíteachta iontu féin go dtí níos moille ina saol. Go dtí go mbíonn sé rómhall. Mar sin de, cé nach réitíonn sé aon fhadhb, molaim thú as an aitheantas sin.

Cén fáth a n-imríonn daoine spórt? Le rudaí a bhaint amach, cinnte. Le bheith mar chuid de phobal agus le ham a chaitheamh le cairde. Le sult a bhaint as. Tá mé cinnte, nuair a chéadthóg tú do chamán agus nuair a chéadfuair tú áit ar na foirne seo ar fad, go raibh tú ar bís.

Cén uair a stop an sult sin? Cár thosaigh an brú? Is léir go bhfuil tú cloíte nó ar an bhealach chuige. Is ionann sin agus barraíocht a bheith ar siúl agat; go bhfuil tú chomh tuirseach sin agus chomh gnóthach sin nach bhfuil fuinneamh fágtha agat le sult a bhaint as rudaí. Tá go leor sainmhínithe difriúla ann ar an chloíteacht ach sílimse gurb é seo atá i gceist agatsa.

Anois, cén dóigh ar cheart dul i ngleic leis an chloíteacht? Sílim go bhfuil a fhios agat seo cheana féin. Céim a haon: éirí as cibé rud ar féidir leat éirí as. Tá tú ag imirt le trí fhoireann (b’fhéidir níos mó ná sin, má tá tú ag imirt os cionn d’aoisghrúpa). Níl ort stopadh de gach rud ach tá cead agat tarraingt siar ó cheann nó dhó. Is tábhachtaí i bhfad do chuid sláinte agus áthais ná díomá an bhainisteora.

Déan do mhachnamh ar an fhoireann is mó a mbaineann tú sult aisti. Tá go leor cúiseanna éagsúla ann go mbainfeá sult as foireann áirithe: na pearsantachtaí agus na cairde; an bhainistíocht agus a heagraithe atá siad; na féidearthachtaí comórtais a bhaint nó na comórtais atá bainte cheana féin. Tá ort smaoineamh ar bhuntáistí gach foirne agus cad iad na buntáistí sin a choinneoidh ag imirt thú. An fhoireann leis na buntáistí is tábhachtaí duitse, sin an ceann ar cheart duit fanacht leis.

Bíonn coimhlint idir na dreamanna éagsúla seo agus seisiúin traenála ag teacht salach ar a chéile, gan trácht ar na cluichí féin. Ní hé post an imreora é an choimhlint seo a réiteach. Ba cheart go mbeifeá, mar imreoir faoi aois, muiníneach as na foirne bainistíochta éagsúla go réiteoidh siad na fadhbanna seo eatarthu féin. Is mór an trua nuair nach n-éiríonn le daoine obair le chéile. Ach ní ortsa atá an locht. Is fadhb chórasach í seo agus ní tusa an t-aon duine atá thíos leis.

Má sheasann tú siar ó fhoireann nó dhó, go sealadach nó go buan, ná bíodh tú ciaptha ag an chiontacht. Ní hionann an t-imreoir is fearr agus an t-imreoir atá ar an líon is mó foirne. Má tá níos lú brú ort, éireoidh leat sult a bhaint as an mhéid atá idir lámha agat. Tá cead agat níos lú a dhéanamh.


An bhfuil tusa cloíte agus cráite ag an tsaol? Ar mhaith leat comhairle carad? Seol ceist nó fadhb chuig an nasc anaithnid seo, agus freagróidh Kathryn thú amach anseo!

The post Comhairle Carad: An Chloíteacht appeared first on NÓS.

Níos mó