Tá ag teip ar an Chomhairle Múinteoireachta seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí ar mian leo clárú le dul ag obair i scoileanna an stáit agus níl aon leigheas acu ar an fhadhb.
Deir an Chomhairle Múinteoireachta nach bhfuil aon “neart” acu ar na deacrachtaí a bhíonn ag múinteoirí atá ag iarraidh clárú i nGaeilge ar an tairseach ar líne, ach a mbíonn orthu iompú ar an Bhéarla.
Rinne an tAthair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste Ghaoth Dobhair agus múinteoir atá ag éileamh go gcuirfí seirbhísí clárúcháin i nGaeilge ar fáil le roinnt blianta anuas, gearán eile leis an Chomhaire Múinteoireachta faoin scéal le déanaí.
I gcomhfhreagras a chuir Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta Michelle Keane chuig Ó Fearraigh, dúradh go raibh an chomhairle ar an eolas nach raibh gach cuid den fhoirm chlárúcháin ar líne ar fáil i nGaeilge ach nach raibh aon leigheas acu ar an fhadhb.
“Tuigim go bhfuil líon beag réimsí ar an tairseach Gaeilge atá ar taispeáint i mBéarla. Níl neart ag an gComhairle Múinteoireachta ar sin,” a dúirt sí.
Tá litir scríofa ag an Athair Brian Ó Fearraigh chuig an Aire Oideachais Norma Foley faoin scéal ag iarraidh uirthi an scéal a fhiosrú.
Sa litir atá feicthe ag Tuairisc, deir an tAthair Ó Fearraigh go bhfuil “faillí iomlán” á déanamh “ar Ghaeilgeoirí na tíre ag lámha na Comhairle Múinteoireachta”.
“Seanscéal le meirg an cheist seo” a deir sé, atá á phlé aige leis an Chomhairle Múinteoireachta “le blianta anuas anois gan sásamh de shórt ar bith”.
“Cás an leoin agus na luiche atá againn anseo, agus faraor gur cosúil gurbh é an deireadh a bhéas ar an scéal, is dóiche, nach bhfuil agus nach mbeidh seans dá laghad ag an luchóg bheag, in éadan leon mórchumhachtach na Comhairle Múinteoireachta,” ar sé.
Dúirt Ó Fearraigh go bhfuil cainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh clárú leis an stát i nGaeilge, “thíos leis” agus iad “fágtha ar an trá fholamh ag An Chomhairle Múinteoireachta maidir le cearta teanga de”.
“Mór mo náire, nár ghealaigh an lá orainn go fóill ina dtig le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith in inmhe oidhreachta, agus seirbhísí iomlán Gaeilge a fháil ón státchóras gan cheist, gan choinníoll, gan feidhm gabháil i muinín an Bhéarla mar atá sa chás seo,” a deir Ó Fearraigh sa litir.
Tá Ó Fearraigh i mbun feachtais chun clárú ar líne i nGaeilge leis an Chomhairle ó bhunaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta a dtairseach dhigiteach i mí Dheireadh Fómhair 2021.
Is gá do gach múinteoir sa stát clárú leis an Chomhairle Mhúinteoireachta agus athnuachan a dhéanamh ar a gcuid sonraí gach bliain le go gcoinneofar ar chlár na múinteoirí iad.
Nuair a tháinig córas clárúchán digiteach na Comhairle Múinteoireachta i bhfeidhm ag tús na bliana acadúla 2021, dhiúltaigh Ó Fearraigh athnuachan a dhéanamh ar a chuid sonraí toisc nach raibh an tseirbhís ar fáil i nGaeilge.
Mar thoradh air sin, fuair sé litir ón Chomhairle Mhúinteoireachta ag rá nach bhféadfaí a thuarastal a íoc mura mbeadh sé cláraithe leis an Chomhairle agus nach bhféadfadh sé leanstan air ag teagasc mar mhúinteoir neamhchláraithe. Moladh sa litir d’Ó Fearraigh clárú ar an tairseach ar líne, rud nach raibh sé sásta a dhéanamh i mBéarla.
Sa deireadh, chuir an Chomhairle cóip chrua den fhoirm Ghaeilge chuige le líonadh, socrú nach raibh ar dhóigh ar bith sásúil don Athair Ó Fearraigh, a bhí ag lorg “na seirbhísí céanna” i nGaeilge ar líne is a bhí ar fáil i mBéarla.
Chuaigh Ó Fearraigh i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga ina dhiaidh sin agus bhí an cás a fhiosrú acu.
I ráiteas a chur urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil faoin scéal, dúradh gur léiríonn líon na ngearán atá faighte acu ar an ábhar na bearnaí “is tromchúisigh” atá sa reachtaíocht teanga faoi láthair.
“Teastaíonn caighdeáin teanga a chinnteoidh go mbeidh na seirbhísí idirghníomhacha ar líne a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal curtha ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.
“Léiríonn líon na ngearán atá faighte ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ábhar seo le roinnt blianta an riachtanas seo, agus tá sé aitheanta ar cheann de na bearnaí is tromchúisigh sa reachtaíocht teanga i láthair na huaire,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga.
Cé nach bhfuil Ó Fearraigh ag teagasc i scoil níos mó, tá ráite aige go mbeidh sé ag leanúint lena fheachtas go dtí go mbeidh seirbhís clárúcháin na Comhairle Múinteoireachta ina hiomláine ar fáil i nGaeilge.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Chomhairle Múinteoireachta faoin scéal.