Tá ráite ag Aire Stáit nua na Gaeltachta go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.
“Tá géarchéim ann, níl aon dabht faoi sin,” a dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne nuair a ceistíodh é faoin ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht.
Níl an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht aitheanta ag aon Aire Stáit Gaeltachta roimhe seo. In 2021, dúirt Aire sinsearach na Gaeltachta, Catherine Martin, go raibh an Ghaeltacht “faoi bhrú” ach ní raibh sí sásta a admháil go raibh géarchéim ann.
Dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin cheana go raibh an baol ann go mbeadh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ dá leanfaí ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta.
Ceapadh Byrne ina Aire Stáit don Ghaeltacht inniu agus é tagtha i gcomharbacht ar Patrick O’Donovan. Bhí Byrne ina Aire Stáit don Spórt roimhe seo agus tá an cúram sin air go fóill chomh maith le cúram na Gaeltachta.
Ábhar suntais é go raibh an Taoiseach nua Simon Harris sásta cúraimí na Gaeltachta a thabhairt do Theachta ó Fhianna Fáil seachas duine óna pháirtí féin a cheapadh.
Meastar gur fhág a laghad Teachtaí atá ag Fine Gael a bhfuil Gaeilge líofa acu nach raibh aon rogha ag Harris ach cúraimí na Gaeltachta a scaradh ó chinn an OPW agus iad a bhronnadh ar Byrne. Tuigtear go ndearna Harris iarracht an aireacht stáit a thairiscint do Fergus O’Dowd, Teachta a bhfuil Gaeilge líofa aige, ach gur dhiúltaigh O’Dowd don tairiscint. Tá sé fógartha ag O’Dowd nach mbeidh sé ag seasamh don Dáil sa chéad toghchán eile, 22 bliain ó toghadh ar dtús é.
Agus é ag labhairt ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúirt Byrne nach raibh a fhios aige cén fáth nár theastaigh cúraimí na Gaeltachta ó Fhine Gael ach gur theastaigh siad uaidh féin.
Dúirt sé, áfach, go raibh “an-deacrachtaí” ann maidir leis an nGaeilge a choinneáil mar “theanga bheo” sa Ghaeltacht.
“Caithfidh an rialtas gach tacaíocht a thabhairt,” a dúirt sé.
“Níl aon dabht gur féidir linn é seo a dhéanamh. Tá mise ag iarraidh an chabhair sin agus an suíomh sin a iompú bunoscionn ionas go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos láidre agus í á neartú sa Ghaeltacht.”
Dúirt Byrne gur éirigh le daoine eile teangacha a bhí i mbaol a thabhairt slán agus an Mháltais á lua aige mar eiseamláir.
Dúirt Byrne go mbeadh cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla lárnach ina chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn.
“Rud an-tábhachtach, a cheapaim, ná Acht na Gaeilge, agus go mbeadh 20% de na státseirbhísigh seo atá le hearcú, go mbeadh Gaeilge acu le cumas ard,” ar sé.
Tá conspóid ann maidir leis an mbrí atá Roinn na Gaeltachta a bhaint as an reachtaíocht teanga agus é á mhaíomh nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc 20%, mar a bhí le tuiscint, ach gur féidir daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana a áireamh chomh maith.
Mar sin féin, dúirt Byrne go mbeadh sé ag obair “go han-dian” chun na forálacha atá sa reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm.
“Tá sé an-dúshlánach, tá sé an-deacair ach caithfidh muid é a dhéanamh.”
Maidir le cúrsaí tithíochta, dúirt an tAire Stáit Byrne gur mhaith leis dá mbeadh Údarás na Gaeltachta in ann tithíocht a chur ar fáil, achainí atá déanta ag leithéidí Chonradh na Gaeilge roimhe seo.
Ní raibh Byrne in ann aon gheallúint a thabhairt maidir le filleadh thoghchán Údarás na Gaeltachta. Dúirt sé go raibh obair dhréachtaithe ar an mbille atá ag teastáil ar bun inniu ach ní raibh sé in ann a rá an mbeadh na toghcháin á reáchtáil ar an 7 Meitheamh mar atá beartaithe ag an Rialtas. Gheall sé go mbeadh na toghcháin ag filleadh, áfach.
“Ní raibh sé ceart nuair a tógadh an daonlathas ó na Gaeltachtaí agus tá mise ag iarraidh é a thabhairt ar ais.”