Tá an chéad champa samhraidh Gaeltachta do pháistí a bhfuil uathachas orthu le bunú i gConamara.
Thug an tAire Stáit Thomas Byrne le fios go raibh plé ar bun “le tamall” ag oifigigh a roinne leis an eagraíocht oideachais agus oiliúna Muintearas faoi champa samhraidh nua a bhunú a bheadh dírithe ar pháistí a bhfuil uathachas orthu.
An Teachta Dála Éamon Ó Cuív a chuir an cheist ar an Aire Stáit maidir le maoiniú breise a chur ar fáil do champa samhraidh a bheadh dírithe ar pháistí a bhfuil uathachas orthu, mar gheall ar an chúram speisialta a theastaíonn uathu.
Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go raibh oifigigh a roinne sásta “breathnú go báúil” ar iarratas foirmeáilte chun campa samhraidh nua do pháistí a bhfuil uathachas orthu a mhaoiniú “ach ceann [iarratas] a bheith faighte”.
“Tá iarrtha ag mo Roinn anois ar Muintearas Teo teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir ar mhaithe leis an gcás seo a bhrú chun cinn,” a dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne.
Dúirt an tAire Stáit Byrne go gcuirfí fóirdheontas níos airde ar fáil do pháistí le riachtanais speisialta chun tacú leo freastal ar champaí samhraidh Gaeltachta faoi Scéim na gCampaí Samhraidh, atá á riaradh ag Muintearas.Bíonn roinnt páistí a bhfuil uathachas orthu ag freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta ach seo é an chéad champa samhraidh a bheadh dírithe ar riachtanais speisialta na bpáistí.