Tá sé ina thuairimíocht anois le scaitheamh deas gur ar éigin gurb é Joe Biden a bheas ina iarrthóir sa deire sa toghchán Uachtaránachta seo chugainn ag an bPáirtí Daonlathach sna Stáit Aontaithe. Tá lucht tacaíochta dílis an Uachtaráin Biden ag séanadh arís le cúpla lá go bhfuil sé i gceist aige tarraingt amach as an bhfeachtas ach tá a mhalairt de thuairim ag bailiú nirt go láidir le cúpla lá.
Ceaptar go bhféadfadh sé fiú go ndéanfadh Joe Biden fógra faoi thráthnóna Dé Domhnaigh go bhfuil sé ag éirí as an bhfeachtas. Mura dtarlóidh an fógra an deireadh seachtaine seo is beag duine atá sásta a dhul i mbannaí nach gcloisfear a leithéid d’fhógra faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn.
Tá maolú ag teacht de réir a chéile ar an líon comhaltaí sinsearacha sa Pháirtí Daonlathach atá sásta a rá go poiblí go gcaithfidh an tUachtarán géilleadh agus glacadh leis nach bhfuil an teacht aniar ann is nach bhfuil sé in ann ag an bhfeachtas níos mó. Is cinnte go bhfuil liosta le háireamh eile de Dhaonlathaigh atá den bharúil go príobháideach go bhfuil a rás rite ag Joe Biden agus go mb’fhearr dó féin, don pháirtí agus don tír glacadh leis sin agus iarrthóir nua a roghnú leis an bhfód a sheasamh in aghaidh Donald Trump.
Tá Joe Biden éirithe as cúrsaí feachtais le roinnt laethanta mar go bhfuil Covid tolgtha aige agus deirtear go bhfuil dianmhachnamh ar siúl aige féin freisin i gcaitheamh an ama seo faoina bhfuil i ndán dó. Tá níos mó ná a bhfuil i ndán dó féin le meá freisin mar go bhfuil sé ina imní má theipeann ar Biden go bhféadfadh sé an páirtí iomlán a thabhairt leis is go gcaillfidh na Daonlathaigh pé seans atá acu i dtoghcháin an tSeanaid agus Theach na nIonadaithe agus an illiomad toghchán eile atá ar siúl ar fud Mheiriceá ar an 5 Samhain.
Cás an-neamhghnách amach is amach go n-éireodh aon iarrthóir Uachtaránachta as an bhfeachtas ag an bpointe seo, ní áirím go n-éireodh an tUachtarán reatha as a chuid iarrachtaí go dtoghfaí arís é. Seans gurb é cinneadh Lyndon Johnson i 1968 an sampla is gaire de le cuimhne na ndaoine cé gur fhógair seisean nach raibh sé le bheith san iomaíocht luath go maith sa bhfeachtas réamhthoghcháin. Cás eile ar fad cás Joe Biden agus ag an bpointe seo níl aon bhealach lena chur as an iomaíocht mura ndéanann sé féin an chinneadh nó mura gcuirfeadh tinneas nó an bás as an áireamh é.
Tá an chéad chuid agus an chuid is deacra den fheachtas taobh istigh den Pháirtí Daonlathach curtha de aige ó d’éirigh leis san réamhthoghcháin a bhí ann i dtús na bliana.
Córas casta an córas toghcháin Uachtaránachta sna Stáit Aontaithe agus sa gcéad chéim san réamhthoghcháin seo i dtús na bliana roghnaíonn na páirtithe an t-iarrthóir a sheasfaidh an fód sa bhfómhar – sin go teoiriciúil ar aon chaoi. Ach i ndáiríre is amhlaidh a roghnaítear toscairí sna réamhthoghcháin le cur chuig an gCoinbhinsiún mór a bhíonn ag na páirtithe sa samhradh.
Bhí a gConbhinsiún na bPoblachtánach in Milwaukee an tseachtain seo caite, áit a ndearna siad deimhniú láidir ar Donal Trump. Beidh an Coinbhinsiún ag an bPáirtí Daonlathach i Chicago ag tosaí ar an 19 Lúnasa. D’fhéadfadh an Coinbhinsiún sin a bheith cinniúnach agus stairiúil i mbliana.
Sa gcóras atá ag an bpáirtí Daonlathach roinntear na toscairí coinbhinsiúin ar na hiarrthóirí de réir mar a éiríonn leo sna réamhthoghcháin agus bíonn na toscairí faoi oibleagáid ansin vótáil dá réir ar urlár an Choinbhinsiúin ach go hiondúil le blianta fada ní bhíonn i gceist ach deimhniú foirmiúil ón timpeall 4,000 toscaire. I mbliana tá na toscairí ar fad beagnach faoi oibleagáid vótáil do Joe Biden mar gur beag iomaíocht a bhí ina choinne san earrach.
D’fhéadfadh an córas seo a bheith ina chíor thuathail anois má tharraingíonn Joe Biden amach as an bhfeachtas. Go teoiriciúil ag an bpointe sin ní bheidh aon oibleagáid a thuilleadh ar na toscairí seo vótáil do Joe Biden agus d’fhéadfadh go mbeidh sé de shaoirse ag an gCoinbhinsiún iarrthóir nua a roghnú láithreach bonn le móramh simplí de na toscairí. Tá rialacha casta ann faoin gcur chuige a bheadh i gceist agus is cinnte go bhfuil na rialacha sin dá scrúdú go mion anois ag ceannairí an Pháirtí Dhaonlathaigh.
Táthar den bharúil go bhfuil an cheist faoi cé a ghlacfadh áit Joe Biden ar an gceist is mó atá ag déanamh tinnis dó féin agus do lucht na cumhachta sa bpáirtí Daonlathach ag an bpointe seo. Sin ag glacadh leis go ndéanfaidh sé an chinneadh eirí as. Ceaptar má dhéanann sé an fógra sa gcúpla lá seo romhainn ag bhfógródh sé freisin go mbeidh sé ag iarraidh ar a chuid toscairí vótáil don Leas-Uachtarán Kamala Harris leis an bhfód a sheasamh ina áit agus gur dóigh go mbeadh siadsan toilteanach sin a dhéanamh. Seo cinnte an bealach is simplí le hiarrthóir nua a roghnú. Is beag a cheap roimhe seo go mbeadh an tacaíocht sa pháirtí ag Kamala Harris leis an mbeart a dhéanamh ach is cosúil go mb’fhéidir go bhfuil athrú ar chúrsaí.
Beidh le feiceáil an roghnófar Kamala Harris is an mbeidh margadh déanta lena chinntiú nach rachaidh aon duine eile san iomaíocht agus go seachnófar cur agus cúiteamh a d’fhéadfadh a bheith achrannach ar urlár an Choinbhinsiún in Chicago. Má bhíonn sé ina choimhlint tá caint ar Gavin Newsom, Gobharnóir California, agus Gretchen Whitmer, Gobharnóir Michigan, mar bheirt eile a bheadh san iomaíocht chomh maith le Harris.
Ach ceaptar go mbeadh sé deacair ag na Daonlathaigh a dhul thar Kamala Harris. Cé nach bhfuil cáil mhór uirthi ó thaobh an chumais polaitíochta bheadh tacaíocht Joe Biden aici, tá sí ina leasuachtarán le ceithre bliana agus bheadh an t-airgead taobh thiar di. Ceaptar freisin go bhfuil oiread de sheans aici Donald Trump a bhualadh is a bheadh ag aon duine eile, b’fhéidir. Is bean í freisin a mbeadh tacaíocht láidir aici i measc na mban agus i measc daoine gorma mar gur den chúlra sin í féin. Dhá bhuntáiste mhóra iad seo mar gur dhána an mhaise don Pháirtí Daonlathach droim láimhe a thabhairt le dhá dhream a bhfuil siad ag brath chomh mór sin ar a gcuid tacaíochta.
Ar na cúiseanna sin ar fad seans maith gurb í Kamala Harris a sheasfaidh an fód sa deireadh don Pháirtí Daonlathach i dtoghchán na Samhna má imíonn Joe Biden, ach níl tada cinnte. Is fada an tréimhse seachtain sa bpolaitíocht agus neosfaidh an aimsir a scéal féin. Beidh na seachtainí agus an cupla mí seo chugainn thar a bheith spéisiúil agus stairiúil.