Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
mp-nua-den-chead-uair-o-1997-i-ngleann-an-lagain

MP nua den chéad uair ó 1997 i nGleann an Lagáin

Agus Olltoghchán Westminster ag teannadh linn, seo roinnt de na toghcheantair is suimiúla ar chóir dúinn uilig breathnú orthu nuair atá uair mharbh na hoíche ann ar an Aoine. Is fiú dom a lua gur tháinig athruithe ar theorainn roinnt de na toghcheantair mar gheall ar an Athbhreithniú Thréimhsiúil de Thoghcheantair Westminster 2023. Cén tionchar a bheidh acu? Beidh le feiceáil.

Agus Jeffrey Donaldson os comhair na cúirte, Jonathan Buckley ag seasamh ar son an DUP ina áit, agus an TUV agus Páirtí na Comhghuaillíochta in iomaíocht, cá bhfios cé a n-éireoidh leo i mbliana i nGleann an Lagáin. Ach caithfimis súil ar chuid de na féidearthachtaí thíos.

Gleann an Lagáin

Beidh MP nua ag an toghcheantar seo den chéad uair ó 1997 i mbliana. Níor sheas Jeffrey Donaldson siar óna ról mar MP nuair a tugadh os comhair na cúirte é ar chúiseanna cionta gnéis stairiúla, ach d’fhógair sé nach mbeidh sé ag dul in iomaíocht arís. 

Is é Lios na gCearrbhach an baile is mó sa toghcheantar. Tá an Droim Mór agus Maigh Rath sa toghcheantar chomh maith. Maidir le hathruithe ó thaobh teorann de sa toghcheantar, tá 7,500 vótálaí nua sa toghcheantar. Cuid acu ón Bhanna Uachtarach, cuid eile ag teacht ó Dollingstown – a bhfuil tromlach Aontachtach ann, agus Achadh Gallan – a bhfuil tromlach Náisiúnach ann. 

Tá Droim Bó caillte go Béal Feirste Theas agus An Dún Láir, agus tá Dún Muirígh anois mar chuid do Bhéal Feirste Thiar. Sula raibh Jeffrey Donaldson mar MP ar an toghcheantar bhí James Molyneaux ón UUP ina MP ó 1983 go dtí gur bhain Jeffrey Donaldson an suíochán amach in 1997 i ndiaidh do Molyneaux seasamh siar. Bhí Jeffrey Donaldson ina bhall don UUP go 2004 nuair a chuaigh sé isteach sa DUP. Nuair a sheas sé siar óna ról mar cheannaire an pháirtí agus chuir an DUP ar fionraí é i mbliana, bhí sé ina Aontachtaí Neamhspleách ar feadh cúpla mí. 

Tá Jonathan Buckley san iomaíocht ar son an DUP sa toghcheantar i mbliana. Is MLA é Jonathan Buckley don Bhanna Uachtarach. Is fear é atá tiomanta ó thaobh na polaitíochta de, agus atá ag iarraidh a bheith ina MP le tamall anois. Seans go gcuideoidh na hathruithe teorann leis mar gheall go bhfuil cuid vótálaithe ag teacht isteach ón Bhanna Uachtarach. 

Pictiúr: Teorainn Ghleann an Lagáin don Olltoghchán 2024.

Ach tá roinnt rudaí a chuirfidh isteach ar a sciar vótaí chomh maith. Cá mhéad den tromlach 6,499 an bheidh sé in ann coinneáil, agus cá mhéad de sin a bhí mar vóta pearsanta do Jeffery Donaldson? 

Chomh maith leis sin, tháinig méadú ar vóta an UUP le dhá thoghchán anuas agus tá Robbie Butler ag seasamh don pháirtí arís i mbliana. Tá Robbie Butler mar leas-cheannaire ar an pháirtí ó bhí 2021 ann, agus bhí feachtas an-fheiceálach aige sa toghcheantar. Cuireann sé in iúl go síleann sé agus an páirtí gur féidir leis an suíochán a bhaint amach. Chomh maith leis sin beidh an réamhfhiosrúchán i gcás Donaldson ag tarlú an lá roimh an toghchán, an 3ú Iúil. An mbeidh aon tionchar aige sin ar vóta an DUP? Beidh le feiceáil.

Caithfear a rá go dtagann an iomaíocht is mó don DUP ó Pháirtí na Comghuaillíochta sa toghchán seo. Tá Sorcha Eastwood san iomaíocht ar son an pháirtí ansin agus is bean an-spreagtha ar fad í. Nuair a sheas sí i mBéal Feirste Thiar in 2017, chaith sí a vóta ar lá a bainise agus í ina gúna pósta. Bhí sí san iomaíocht in 2019 i nGleann an Lagáin agus, cé go raibh tromlach de 6,499 idir í féin agus Jeffrey Donaldson, chonacthas méadú 17% i sciar vótaí Pháirtí na Comhghuaillíochta. Chonacthas an laghdú is mó sna sé chontae ó thaobh sciar vótaí de sa toghcheantar seo chomh maith – is leis an DUP an churiarracht. 

Tá foireann Sorcha Eastwood an-mhuiníneach gur féidir léi an suíochán a bhaint amach. Chomh maith leis sin tá an TUV ag cur Lorna Smyth chun tosaigh i nGleann an Lagáin i ndiaidh dóibh seasamh siar ón toghcheantar seo an uair dheireanach.

Cén saghas tionchar a bheidh ag an chinneadh sin ar sciar vótaí an DUP? Ar a bharr sin, cé nach bhfuair Sinn Féin ach 1,098 vóta an t-am deireanach, chinn siad gan iarrthóir a chur chun tosaigh an iarraidh seo. An gcuideoidh sé sin le Sorcha? Beidh na freagraí uilig againn de hAoine buíochas le Dia.

Sa toghcheantar seo beidh Patricia Denvir (An Comhaontas Glas), agus Simon Lee (SDLP) san iomaíocht chomh maith.  

Dar ndóigh, níl anseo ach trí thoghcheantar a mbeidh mé féin ag coinneáil súil ghéar orthu. Tá roinnt comórtas eile ann a bheidh suimiúil amhail An Dún Thuaidh agus Aontroim Theas. Caithfidh mé a rá, áfach, sílim go mbeidh impleachtaí buana ag an trí thoghcheantar seo ar an pholaitíocht sna sé chontae sna blianta beaga amach romhainn. Cibé rud a tharlóidh, tá a fhios agam go mbeidh mé féin i mo shuí ó maidin oíche Dé hAoine le cuid mhór milseán, deoch fuinnimh agus caife ag fanacht leis na torthaí. 

The post MP nua den chéad uair ó 1997 i nGleann an Lagáin appeared first on NÓS.

Níos mó