Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘coimisiun-na-mean,-osclaigi-bhur-gcuid-sul’-–-ardstiurthoir-tg4

‘Coimisiún na Meán, osclaígí bhur gcuid súl’ – Ardstiúrthóir TG4

| Meabh Ni Thuathalain | ,

Tá cáineadh géar déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont ar an “dearcadh diúltach” a deir sé atá ag Coimisiún na Meán i dtaobh an méid atá bainte amach ag TG4.

Baineann cáineadh Alan Esslemont ar Choimisiún na Meán leis an athbhreithniú is déanaí atá déanta ag an rialtóir ar TG4.

Déanann an coimisiún craolacháin athbhreithniú bliantúil ar cad é mar atá ag éirí le TG4 agus RTÉ agus ar an maoiniú a fhaigheann siad.

Agus sceideal TG4 don fhómhar á sheoladh aige i nGaillimh inné, dúirt Alan Esslemont gur chóir do Choimisiún na Meán “a gcuid súl a oscailt” agus deireadh a chur leis an “tearcmhaoiniú” a dhéantar ar TG4.

“Aithnítear go forleathan an tearcmhaoiniú a dhéantar ar TG4 ach go dtí seo níl dearcadh an stáit i leith TG4 chomh dearfach le dearcadh an ghnáthphobail i leith TG4.

“Tá tearcmhaoiniú stairiúil TG4 á úsáid mar chúis le leanacht le tearcmhaoiniú TG4. De facto, is iad ranna airgeadais an stáit ár rialtóirí agus is cinnte nach bealach ceart é seo chun neamhspleáchas eagarthóireachta a choinneáil do mheáin na seirbhíse poiblí.

“Ar an drochuair, caithfidh Coimisiún na Meán a bhfuil á bhaint amach ag TG4 a aithint freisin,” a dúirt sé.

Dúirt Esslemont, gur “minic” ó bunaíodh Coimisiún na Meán bliain go leath ó shin go raibh ar TG4 “míchruinneas” agus “easnaimh” i bpróisis athbhreithnithe an rialtóra a cheartú.

Dúirt sé go raibh “easpa comhthéacs agus peirspictíochta” ag baint le Coimisiún na Meán i dtaca le ról TG4 agus go raibh “dearcadh diúltach” léirithe ag an údarás craolacháin i dtaobh “éachtaí TG4”.

“Ní fhéadfainn bliain níos fearr a shamhlú do TG4 ná anuraidh agus tá ceann de na blianta is rathúla riamh feicthe ag TG4 i mbliana.

“Tá an sciar náisiúnta féachana ar ais ag an leibhéal ag a raibh sé in 2007. Cé [eile] atá á dhéanamh sin? Cén craoltóir a bhfuil ag éirí leo sin a dhéanamh?” a dúirt sé.

Dúirt Esslemont go raibh sé thar am ag an stát “éirí as an neamart oifigiúil iarchoilíneach ar TG4”.

Dúirt sé go raibh “ról tábhachtach” ag Coimisiún na Meán “cothromas a chinntiú do gach craoltóir”.

Is faoi Choimisiún na Meán a bhí sé “tábhacht na Gaeilge”, an chultúir agus na réigiún a aithint” chomh maith leis an “éagsúlacht agus an iolracht a chothú sna meáin in Éirinn”.

Dúirt Alan Esslemont go raibh an tairbhe a bhaintear as infheistíocht stáit i TG4 le feiceáil as seo go Sydney na hAstráile agus gur chóir do Choimisiún na Meán é sin a aithint agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar obair an stáisiúin.

“Faoin acht [an t-acht craolacháin] ní mór do Choimisiún na Meán freisin a chuid cinnteoireachta a bhunú ar an bhfianaise… Tá neart fianaise againn as seo go Sydney faoin luach iontach a fhaightear ar infheistíocht stáit,” a dúirt sé.

Dúirt Esslemont go léiríonn an rath atá ar an scannán Kneecap i bpictiúrlanna ar fud na cruinne “an tóir atá ag lucht féachana de gach aois ar ábhar i nGaeilge”.

Léiríonn Kneecap freisin “nach togra craolacháin amháin atá i TG4 ach cuid d’fhís i bhfad níos leithne le cuidiú leis an nGaeilge, le cultúr na teanga agus leis an bpobal a labhraíonn í”.

Ar na buaicphointí a bhí ag TG4 le roinnt blianta anuas, luaigh Alan Esslemont bunú an chainéil do dhaoine óga Cúla 4, “sárchlúdach” Spórt TG4, an scéim scannán Cine 4 agus an “dul chun cinn suntasach” atá déanta ag TG4 chun seirbhís atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta a fhorbairt.

Dúirt sé go mbíonn ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann ag feidhmiú ar feadh tréimhsí i rith an lae ar fhuinnimh gréine amháin.

Dheimhnigh Alan Esslemont, a ceapadh ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 in 2016 le Tuairisc go mbeidh sé ag éirí as i mí Aibreáin 2025, nuair a thiocfaidh deireadh leis an síneadh a cuireadh anuraidh lena chonradh.

Thug Esslemont le fios an t-am sin go raibh na moltaí atá le déanamh ag Coimisiún na Meán maidir le TG4 agus na meáin Ghaeilge ar cheann de na cúiseanna go raibh sé ag iarraidh fanacht mar cheannaire ar an stáisiún.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Choimisiún na Meán faoi cháineadh Ard-Stiúrthóir TG4.

Níos mó