Tá tuairimí an phobail faoi stádas na Gaeilge ag an tríú leibhéal á lorg ag coiste Oireachtais.
Tá na haighneachtaí á lorg ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta mar chuid den “ghrinnscrúdú” atá le déanamh acu “ar theagasc agus ar stádas na Gaeilge” in institiúidí tríú leibhéal an stáit.
Tá aird á tarraingt le tamall ag polaiteoirí agus grúpaí eile ar a laghad cúrsaí tríú leibhéal atá á múineadh trí Ghaeilge tráth a bhfuil sé mar sprioc ag an Stát gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030.
Deir Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, atá ag tabhairt faoin taighde, go bhfuil práinn ag baint le feabhas a chur ar sholáthar na Gaeilge ag an tríú leibhéal.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go ndíreodh an coiste ar theagasc na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal agus ar fheabhas a chur air sin, agus ar líon agus éagsúlacht na gcúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil, seachas cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge mar ábhar.
“Is riachtanas práinneach é go gcuirfear feabhas ar sholáthar na Gaeilge agus an dátheangachais ag an tríú leibhéal agus go bhfeabhsófar an t-aschur dátheangach in earnáil an ardoideachais,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.
“Is riachtanas práinneach é freisin go mbeidh an dátheangachas ann go forleathan i measc na gcéimithe cáilithe sna hearnálacha éagsúla atá de dhíth ar aon phobal nua-aoiseach – pobal na hÉireann ina measc.
“Is ar an mbunphrionsabal sin atá an togra seo á chur i gcrích ag an gComhchoiste, agus go gcuirfear tús le córas ina mbeidh gach gné de na heolaíochtaí, na healaíona, na ceirdeanna agus na sainscileanna éagsúla ar fáil [i nGaeilge] do phobal na hÉireann.”
Tá sé ráite cheana féin ag iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé “soiléir” nach mbainfear amach an sprioc earcaíochta faoin mbliain 2030. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív nach bhfuil dóthain cúrsaí tríú leibhéal á gcur ar fáil trí Ghaeilge chun na folúntais a bheidh ann a líonadh.
De réir tuairisce a bhí ar an suíomh seo níos túisce i mbliana, ní léir go bhfuil aon teagmháil déanta ag an Roinn Ardoideachais leis an Údarás um Ard-Oideachas ná leis na hinstitiúidí tríú leibhéal maidir le cur le líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge chun mórsprioc an achta teanga a bhaint amach.
D’fhógair Roinn na Gaeltachta anuraidh go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge. Bunaíodh an scéim chun cainteoirí Gaeilge a sholáthar don Aontas Eorpach ach tá sé anois i gceist í a leasú le go mbeadh sí dírithe ar oiliúint a chur ar dhaoine d’fholúntais in Éirinn de thoradh na reachtaíochta teanga leasaithe.
Mhol an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill in 2022 go mbunófaí clár náisiúnta dianoiliúna nua chun a chinntiú go mbeadh dóthain daoine sa tseirbhís phoiblí amach anseo a bheadh ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.
An 14 Deireadh Fómhair an sprioc le haighneacht a chur faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.