Tá sé ráite ag an Teachta Dála Brian Stanley, a d’éirigh as Sinn Féin ag an deireadh seachtaine, gur chóir don pháirtí sin gearán a rinne sé a chur faoi bhráid an Gharda Síochána nuair a chuir sé ábhar tromchúiseach in iúl do phainéal smachta an pháirtí ar an 11 Méan Fómhair 2024.
Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur cuireadh cúrsaí a bhain le fiosrúchán an pháirtí faoi ghearán a rinne ball den pháirtí in aghaidh Brian Stanley i lámha an Gharda Síochána tráthnóna inné, Dé Domhnaigh.
Rinneadh é sin, a deir an ceannaire, “ar mhaithe le bheith fíorchúramach go deo” agus Brian Stanley tar éis éirí as an bpáirtí.
D’eisigh Brain Stanley ráiteas ag cur in iúl go raibh sé sásta go raibh Sinn Féin tar éis an gearán a chur faoi bhráid an Gharda Síochána.
Dúirt sé go raibh “an ceart” ag ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald has “nuair a dúirt sí nach ábhar coiriúil” a bhí sa ngearán a rinneadh faoi fhéin.
Dúirt sé go raibh maíomh na ceannaireachta gur tugadh cosaint dá chearta sa bpróiseas gearáin “go hiomlán mícheart”.
Dúirt McDonald níos túisce nach bhféadfadh sí aon rud a rá faoin líomhain a rinneadh in aghaidh Brian Stanley ach dá mba “ábhar coiriúil” a bheadh i gceist sa líomhain sin go gcuirfí faoi bhráid an Gharda Síochána é ar an bpointe agus nach rachadh an páirtí “i ngar ná i ngaobhar di” .
Bhí tuairisc i nuachtán an Irish Times ar an Luan gurbh é an réamhchinneadh a tháinig as fiosrúchán inmheánach Shinn Féin “mí-iompar tromchúiseach” a chur i leith Stanley.
Tá sé ráite ag Stanley gur gheall le sórt “cúirt bhradach” a bhí i bhfiosrúchán Shinn Féin.
Dúirt sé gur cuireadh an gearán ina aghaidh isteach go dtí Sinn Féin ar an 26 Iúil, an lá céanna ar cuireadh tús leis an bpróiseas ainmniúchán do bhaill ar mhian leo seasamh san olltoghchán.
“An toradh a bhí air sin nach raibh seans dá laghad ann go bhféadfainnse a bheith i m’iarrthóir do Shinn Féin i Laois,” a dúirt sé.
Dúirt Brian Stanley gur chuir sé McDonald ar an eolas faoin ngearán ar an 29 Iúil agus chuir sé i leith an cheannaire “gur thug sí eolas mícheart nuair a dúirt sí go bhfuair sí an gearán ar an 2 Lúnasa”.
Dúirt McDonald dá dtarlódh sé gur ábhar coiriúil a bhí sa ngearán go gcuirfí i lámha an Gharda Síochána é ar an bpointe.
“Is mian liom a bheith soiléir faoi seo: ní féidir liomsa a rá cé acu an ábhar d’fhiosrúchán coiriúil é an gearán nó an fhrithlíomhain. Ní hé sin mo chúram.
“Ach tá mé i bhfad níos sásta gur i lámha an Gharda Síochána atá an gearán agus an fhrithlíomhain anois agus is féidir leosan an rud a mheasann siadsan a bheith cuí a dhéanamh.”
Chosain Mary Lou McDonald Sinn Féin agus a ceannaireacht féin air.
“Is mise atá i gceannas ar an bpáirtí seo agus ós ormsa atá an fhreagracht tá mé diongbháilte go gcloítear go docht le rialacha agus le nósanna imeachta,” a dúirt sí.
Mhaígh an ceannaire go raibh Sinn Féin “breá ábalta a bheith i rialtas”.