Tá iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn i measc imreoirí idirchontae na gcluichí Gaelacha fógartha agus scoláireachtaí le bronnadh ar 100 imreoir.
D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael, Cumann na nImreoirí, Cumann na nImreoirí Gael (GPA) agus Gaelchultúr inniu go raibh comhpháirtíocht nua bunaithe idir na heagraíochtaí sin chun na scoláireachtaí a chur ar fáil d’imreoirí idirchontae.
Tá tacaíocht á tabhairt ag an gCumann Camógaíochta agus ag Cumann Pheil na mBan don togra freisin chun go mbeidh deis ag gach imreoir idirchontae, idir mhná agus fhir, leas a bhaint as an scéim.
Deir CLG go bhfuil súil acu go gcuirfidh na scoláireachtaí ar chumas na n-imreoirí “luí isteach ar an nGaeilge agus a bheith ina n-ambasadóirí don teanga taobh istigh dá gcumainn, dá gcontaetha agus dá bpobail”.
“Bhí sé mar sprioc ag CLG de shíor pobal agus féiniúlacht a chothú, agus tá ár gceangal leis an nGaeilge lárnach san aidhm seo,” a dúirt Uachtarán CLG Jarlath Burns. “Trí na scoláireachtaí seo, léireoidh ár n-imreoirí trí eiseamláir gur cuid bheo dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus gur cheart dúinn í a cheiliúradh agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.”
Dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, go raibh deis ar leith anseo d’imreoir an nasc atá acu leis an nGaeilge a neartú.
“Trí mhórphearsana spóirt a chumasú le bheith ina n-ambasadóirí don teanga, ní hamháin go bhfuilimid ag cur na Gaeilge chun cinn ach táimid ag neartú na nasc domhain cultúrtha idir ár gcluichí náisiúnta agus an teanga atá i gcroílár ár bhféiniúlachta.”
Léiríodh i suirbhé a rinne Gaelchultúr go bhfuil aiféala ar 66% de dhaoine fásta in Éirinn nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu agus tá fonn ar 74% acu a gcumas sa teanga a fheabhsú.