Tugadh slán tráthnóna 15 dalta coláiste samhraidh Gaeltachta a bhí go mór i gcontúirt nuair a scuab an fharraige chun siúil iad ag trá Mhachaire Rabhartaigh.
Tháinig Héileacaptar 115 an Gharda Chósta ar an láthair chun cuidiú leis na hógánaigh a bhí ag snámh nuair a chuaigh siad i sáinn timpeall 4pm tráthnóna.
Crochadh na hógánaigh, a tuairiscítear atá ag freastal ar choláiste Gaeltachta sa cheantar, ón bhfarraige agus tugadh deichniúr acu ar an héileacaptar tarrthála go dtí Ospidéal Ollscoil Leitir Ceannain. Cuireadh cóir leighis ar cheathrar ar an láthair agus tugadh an duine eile go an ospidéal in otharcharr.
Thóg iascairí áitiúla cuid de na daoine óga amach as an bhfarraige agus tuairiscítear gur éirigh le cuid acu snámh i dtír iad féin.
Dúirt urlabhraí ón nGarda Cósta go raibh “an t-ádh dearg” ar na hógánaigh.
Fuair Lucht Ionad Comhordúcháin Gharda Chósta Chionn Mhálanna roinnt glaonna éigeandála faoin eachtra thart ar 4pm tráthnóna agus iadsan a bhí freagrach as an tarrtháil a stiúradh. Chabhraigh bád farantóireachta Thoraí, an Queen of Aran, agus Aonad na Maoile Rua den Gharda Cósta leo.
From the scene of a major rescue at Magheroarty beach this afternoon. A number of people were rescued having been swept out to sea. There are no fatalities. Ten people are on the way to Letterkenny Hospital in the rescue 118 helicopter. Up to 3 more after waiting on an ambulance. pic.twitter.com/0wBj0KsRxT
— Greg Hughes (@GregHughes2) August 13, 2019
Ag labhairt dó le Highland Radio, dúirt an comhairleoir contae Gaeltachta Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig go raibh moladh mór tuillte acu siúd a raibh baint acu leis an tarrtháil, idir mhuintir na háite agus lucht na seirbhísí éigeandála.
“I dtús báire, ba mhaith liom a rá nár gorataíodh aon duine go dona. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’iascairí an cheantair, na leaideanna óga agus gach duine a chuaigh amach ansin agus ar éirigh leo na daoine a bhí i sáinn san uisce a thabhairt slán,” a dúirt Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig.
Irish Coast Guard rescue 15 people swept out to sea in Donegal.
Rescue 118, has airlifted 10 people to hospital in Letterkenny after 15 People got into difficulty while swimming from Magheroarty pier this afternoon.
All 15 casualties were successfully rescued.#IrishCoastGuard pic.twitter.com/P6f8ekrzRy
— Irish Coast Guard (@IrishCoastGuard) August 13, 2019