Tá clár beo speisialta le craoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta an Satharn beag seo agus súil chun cinn á caitheamh acu ar chluiche ceannais na hÉireann idir Ciarraí agus Áth Cliath.
Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár cainte agus ceoil i láthair ó theach tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde san ardchathair idir 6.30pm agus 9.00pm Dé Sathairn.
Caithfidh an Cinnéideach súil chun cinn ar chluiche ceannais na hÉireann le cabhair scata aíonna speisialta, ina measc Mícheál Ó Muircheartaigh, Tomás Ó Sé, Tomás Ó Flatharta, Máire de Staic, Ciarán Ó Feinneadha agus Bláthnaid Ní Chofaigh.
Beidh ceol beo ann chomh maith agus Seán Potts agus Paddy Glackin, agus Paudie O’Connor agus Aoife Ní Chaoimh ag seinm.
Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt cuireadh don phobal a bheith i láthair ar an oíche, lucht tacaíochta na Ríochta agus na hardchathrach go háirithe, agus beidh dhá thicéad don chluiche ceannais a bheidh ar siúl an lá dár gcionn i bPáirc an Chrócaigh le buachan le linn an chláir.