Tá an Ghaeilge curtha mar rogha ar a suíomh idirlín ag lucht eagraithe Connemarathon, maratón a bheidh ag dul tríd an nGaeltacht.
Léirigh roinnt daoine ar na meáin shóisialta iontas faoin scéal nach raibh fáil i nGaeilge ar an suíomh idirlín a bhí ar fáil i gcúig theanga eile.
@Connemarathon I am amazed #Gaeilge isn’t one of the 5 language options on ur website. Its the spoken language in #Connemara.Where’s the pride,awareness &respect 4the people of Connemara? I would ask your sponsors @DelphiResort @TitanHQ @saucony @IMSTcollege the same questions.
— Dr. Micheál Ó Duibh (@MichealDubh) August 27, 2019
Suíomh idirlín an Chonamaratóin ar fáil i gcúig theanga ach níl sé ar fáil i dteanga na háite 🙃 pic.twitter.com/eN3YTynHze
— Maitiú Ó Coimín (@maitiuocoimin) August 27, 2019
Nuair a d’fhiosraigh Tuairisc.ie an scéal le lucht eagraithe an rása, dúradh linn go raibh an Ghaeilge anois curtha leis na roghanna ar an suíomh.
Reáchtálfar Connemarathon 2020 in iarthar na Gaillimhe mí Aibreáin seo chugainn.
Chomh maith le bheith ar fáil i mBéarla, bhí rogha ag duine Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis a phiocadh. Tá an Ghaeilge curtha anois leis na roghanna sin agus aistriúchán go Gaeilge ar fáil tríd inneall uathoibríoch aistriúcháin.
Téann bealach an rása ón Teach Dóite, suas cois Loch Eidhneach, isteach i dtreo an Líonáin agus ar ais chuig an Teach Dóite.
Tá Connemarathon ar an bhfód ó 2002 agus ghlac beagnach 2,000 duine páirt i rásaí na bliana seo caite, idir an maratón, an leathmharatón agus an rímharatón.