An Ghéarchéim Tithíochta
Ní féidir a shéanadh go bhfuil géarchéim na tithíochta ag dul in olcthas fud fad na tíre agus tá sé in am dúinn uilig an fód a sheasamh ina héadan.
Annuaraidh bhí 10 míle duine I mBeál Feirste gan dídean agus 70% de na dhaoine sin, gan dídeán go dlíthiúil, páistí óg ina measc. Rinnú staidéir ag Street Count agus fuair siad amach go bhfuil 16 dhuine a chodlaíonn amuigh ar an shráid i mBeál Feirste agus 128 i mBáile Átha Cliath. Tá na figiúirí seo scannalach agus tá siad ag meadú achan bhliain.
Mar chuid den fhéile imeall-chultúir Liú Lúnasa i mbliana, eagraíodh imeacht ar leith i bhfoirgneamh Raidió Fáilte i mBéal Feirste a chuir spotsolas ar an fhadhb agus na cúiseanna taobh thiar de.
Rinne painéal cainte, faoi stiúir an iriseora Ailbhe Ó Monacháin, cíoradh ar cheist na tithíochta in Éirinnn, phléigh siad na fadhbanna, cúiseanna agus iarmhairtí atá leis an ghéarchéim seo agus rinneadh réitigh a mholadh.
Nil aon amhras ach go bhfuil athrú mór riachtanach chun an fhadhb seo a réiteach agus, mar atá le fórmhór na bhfadhbanna sa lá atá inniu ann, is cosúil go bhfuil an chumhacht ag an Rialtas chun í a fheabhsú.
Labhair Meon Eile le Seán Mac Brádaigh (PPR – Participation and Practice of Rights), Síomha Ní Aonghusa (PBP – An Pobal Thar Bhrabús) agus Grian Ní Dhaimhín (Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona) a bhí ar phainéal cainte na hoíche chun tuairimí s’acu a fháil.’
Le tuilleadh eolas a fháil faoi eagraíochtaí na cainteoirí sa físeán, nó mas rud go bhfuil cuidiú nó comhairle de dhith ort fhéin le fadhb tithíocht, thig leat na nascanna thíos a cliceál:
Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona