Déanfaidh Boris Johnson iarracht eile tráthnóna a mhargadh Breatimeachta a chur tríd pharlaimint Westminster.
Theip ar phríomh-aire na Breataine déanamh amhlaidh Dé Sathairn ag seisiún urghnách den pharlaimint.
Cuireadh plean Johnson ó mhaith nuair a glacadh le leasú de chuid Sior Oliver Letwin, iar-aire de chuid na dTóraithe, ar an rún faoi mhargadh Johnson le linn an tseisiúin sin.
Vóta ‘sea nó ní hea’ atá á lorg ag Johnson inniu ach ní fios go fóill an gceadóidh an spéicéir John Bercow an vóta sin. Ní nós le parlaimint na Breataine vótáil in athuair ar rún a bhfuil teipthe air cheana féin. Má dhiúltaíonn an spéicéir cead vótála ar an margadh imeachta inniu cuirfidh rialtas na Breataine an bille iomlán faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach i láthair na parlaiminte amárach.
De réir an leasaithe Dé Sathairn, chaithfeadh feisirí an reachtaíocht sin a chur tríd sara mbeadh cead acu beannacht na parlaiminte a thabhairt do mhargadh imeachta Johnson. Molfaidh Páirtí an Lucht Oibre leasuithe ar an reachtaíocht sin. Beidh siad ag éileamh go mbeidh reifreann ann sula n-aontófar don mhargadh Breatimeachta. Molfaidh siad rún eile go bhfanfadh an Bhreatain i gcomhaontú custaim nua laistigh den Aontais Eorpach.
D’fhág leasú an tSathairn, ar bhuille mór é do Johnson, go raibh ar an bpríomh-aire litir a chur go dtí an tAontas Eorpach inar lorgaíodh síneadh ama trí mhí ar Alt 50 agus ar an mBreatimeacht. Sheol sé an litir sin, nach raibh sínithe aige, go húdaráis na hEorpa ar an Satharn agus sheol sé litir níos iomláine chucu freisin inar mhínigh sé gur litir ar threoir ón bparlaimint a bhí sa litir gan síniú seachas uaidh féin. Dúirt sé go soiléir nár mhian leis go gceadódh an tAontas Eorpach tuilleadh ama don Bhreatain sula bhfágfaidís an tAontas agus go raibh rún aige comhaontú a fháil sa pharlaimint ar an margadh a bhí déanta aige in am d’imeacht na Breataine ar oíche Shamhna.
Tá seanráite ag Johnson go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE ar an dáta sin is cuma cad a tharlóidh agus nach lorgódh sé síneadh ama ar chúis ar bith.
Vótáil deichniúr ball parlaiminte an DUP in aghaidh mhargadh Johnson ar an Satharn nuair a thacaigh siad le rún Oliver Letwin. Dá mbeadh tacaíocht an DUP ag an bpríomh-aire bheadh glactha ag parlaimint Westminster leis an gcomhaontú nua imeachta a bhí déanta aige leis an Aontas Eorpach.
Cé go raibh tuairimíocht ann go dtacódh an DUP le rún ó Pháirtí an Lucht Oibre maidir le comhaontú custaim don Bhreatain ar fad dúirt príomh-aoire an pháirtí Jeffrey Donaldson go raibh i gceist acu dul i mbun cainte leis an rialtas le tuiscint a fháil ar an staid reatha faoi láthair.