Tá ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker go ndearna an tAE gach ab fhéidir le cinntiú gur Breatimeacht faoi dhea-eagar a bheadh ann.
Agus deireadh ag teacht lena thréimhse cúig bliana mar uachtarán, dúirt Juncker go rabhthas ag fanacht anois ar pharlaimint Westminster a beannacht a thabhairt don mhargadh Breatimeachta.
Ní thabharfadh parlaimint na hEorpa a beannacht go dtí sin, a dúirt seo.
“Londain ar dtús, ansin Strasbourg,” arsa Juncker.
Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh gur “cur amú ama agus fuinnimh” é a bheith ag déileáil leis an mBreatimeacht.
“Déanta na fírinne, ghoill sé orm oiread sin ama de mo mhandáid a chaitheamh ag déileáil leis an mBreatimeacht…”
“Údar áiféala dom go deo a bheidh i gcinneadh na Ríochta Aontaithe an tAE a fhágáil, ach ar a laghad is féidir linne féachaint sa dá shúil ar a chéile agus a rá lena chéile go ndearnamar gach ab fhéidir linn chun a chinntiú go dtarlódh seo faoi dhea-eagar,” ar Jean-Claude Juncker.
Idir an dá linn, déanfaidh Boris Johnson iarracht amháin eile inniu an bealach a réiteach chun a mhargadh Breatimeachta a chur tríd faoi cheann naoi lá.
Tá ráite ag Johnson go mb’fhearr leis a bheith “marbh i ndíog” ná síneadh ama a chur le dáta an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.
Cé go meastar go bhfuil seans maith ann go n-éireoidh le Johnson dóthain tacaíochta a mhealladh sa pharlaimint dá bhille Breatimeachta, is é is dóichí ná a mhalairt ná go dtabharfar an t-eiteach dá chlár ama.
Ba mhaith le Boris Johnson an reachtaíocht go léir a bhaineann leis an mBreatimeacht a chur tríd faoi Dhéardaoin na seachtaine seo ach meastar go bhfuil roinnt de na feisirí a thacóidh lena bhille den tuairim gur cheart tuilleadh ama a bheith ann chun an reachtaíocht a phlé.
Buille mór do Johnson a bheadh ann dá ndiúltófaí tráthnóna dá chlár ama Breatimeachta ó tharla go bhfuil sé ráite go mion minic cheana aige go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlóidh.
Bhí air síneadh ama a lorg ón AE cheana féin, rud a dúirt sé nach ndéanfadh sé go deo, nuair a theip air a mhargadh a chur tríd an bparlaimint Dé Sathairn.
Beidh dhá vóta cinniúnach tráthnóna ann, ceann faoin mbille a thabharfadh feidhm don mhargadh a rinneadh leis an AE an tseachtain seo caite agus ceann faoi chlár ama Johnson a bhfuil faoi an reachtaíocht go léir a bhrú tríd faoi Dhéardaoin na seachtaine seo.
Idir an dá linn, dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk go mbeadh toradh an phlé maidir le síneadh ama eile a cheadú ag brath go mór ar imeachtaí an lae inniu in Westminster.
“Ba chóir dúinn a bheith ullamh do chás ar bith. Ach ní mór a bheith soiléir faoi rud amháin, faoi mar a dúirt mé le Boris Johnson Dé Sathairn, ní sinne a roghnóidh an Breatimeacht gan mhargadh go deo,” arsa Tusk.
Má ghlactar leis an mbille aistarraingthe tráthnóna is léiriú tacaíochta i bprionsabal a bheadh ann don mhargadh a d’aontaigh Johnson leis an AE.