Tá ochtar ó chumainn Ghaeltachta ainmnithe ar shárfhoirne sinsir agus idirmheánach peile na Gaillimhe 2019.
Ar maidin a ainmníodh na foirne agus tá imreoirí ó chumainn an Spidéil, Mhaigh Cuilinn agus Mícheál Breathnach roghnaithe i mbliana.
Is iad Liam Ó Ceallaigh as an Spidéal agus fear Mhaigh Cuilinn Dessie Ó Conghaile an bheirt atá ainmnithe ar an bhfoireann shinsir.
Bhí Ó Ceallaigh ina chosantóir ar fhoireann an Spidéil a chuaigh chomh fada le cluiche ceathrú ceannais na craoibhe i mbliana tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh. Bhí Ó Conghaile ina shárthosach ar fhoireann Mhaigh Cuilinn a shroich an babhta leathcheannais.
Is iad Cora Finne a thug leo Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe den seachtú bliain as a chéile in 2019 agus tá seisear ón gcumann ainmnithe ar fhoireann na bliana. Cúigear atá ainmnithe ó Réalta Thuama, a chaill sa bhabhta ceannais, agus duine amháin an ceann ó Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach agus An Creagán/Maigh Locha.
Tá seisear ó Chumann Mícheál Breathnach ainmnithe ar shárfhoireann na craoibhe idirmheánaí. Chuaigh cumann Chois Fharraige chomh fada le babhta ceannais na craoibhe ach fuair Uachtar Ard an ceann is fearr orthu i gcoimhlint dhrámatúil.
Bhí athimirt agus ciceanna éirice ag teastáil chun ina foirne sin a scaradh óna chéile ach, faoi dheireadh thiar, ba iad Uachtar Ard a bhí buacach.
Tá aitheantas tugtha do chúl báire Mhícheál Breathnach, Rónán Ó Beoláin; na cosantóirí Fiach Ó Béarra agus Dinny Ó hÉallaithe; Tommy Ó Conghaile i lár páirce; agus na tosaithe Seán Denvir agus Rónán Mac Donnacha.
Bhí Tommy Ó Conghaile agus Rónán Mac Donnacha ainmnithe ar shárfhoireann 2018 chomh maith.
Seisear ó Uachtar Ard atá roghnaithe ar fhoireann 2019 chomh maith le himreoir amháin an ceann as Seamróga Chortúin, An Dún Mór Mhic Éil agus Órán Mór/Meáraí.
Sárfhoireann Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2019
- Johnny Trayers (Réalta Thuama)
- Liam Silke (Cora Finne)
- Kieran Fitzgerald (Cora Finne)
- Brian O’Donnell (Réalta Thuama)
- Liam Ó Ceallaigh (An Spidéal)
- John Daly (An Creagán/Maigh Locha)
- Gary O’Donnell (Réalta Thuama)
- Kieran Molloy (Cora Finne)
- Ronan Steede (Cora Finne)
- Gary Sice (Cora Finne)
- Jamie Murphy (Réalta Thuama)
- Ben O’Connell (Réalta Thuama)
- Rob Finnerty (Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach)
- Martin Farragher (Cora Finne)
- Dessie Ó Conghaile (Maigh Cuilinn)
Sárfhoireann Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2019
- Rónán Ó Beoláin (Mícheál Breathnach)
- Eddie O’Sullivan (Uachtar Ard)
- Paul Varley (Seamróga Chortúin)
- Fiach Ó Béarra (Mícheál Breathnach)
- Dinny Ó hÉallaithe (Mícheál Breathnach)
- Ronan Molloy (Uachtar Ard)
- Ryan Monaghan (Uachtar Ard)
- Enda Tierney (Uachtar Ard)
- Tommy Ó Conghaile (Mícheál Breathnach)
- Seán Denvir (Mícheál Breathnach)
- Matthew Tierney (Uachtar Ard)
- Eric Lee (Uachtar Ard)
- Matthew Reddington (An Dún Mór Mhic Éil)
- Rónán Mac Donnacha (Mícheál Breathnach)
- Mark Ronaldson (Órán Mór/Meáraí)