Tá na pleananna teanga faofa agus an maoiniú ceadaithe do na chéad ‘Ghréasáin Ghaeilge’.
Trí Ghréasán atá ceadaithe faoi láthair – Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, Baile Locha Riach i gcontae an Gaillimhe agus Inis i gcontae an Chláir –
Labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht oifigiúil is aidhm leis na Gréasáin nua a tugadh isteach mar chuid den chóras pleanála teanga a bunaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne féin a d’fhógair scéal fhaomhadh phleananna na nGréasán.
Chomh maith leis sin tugadh le fios gur €100,000 nó €80,000 sa bhliain a bheidh ar fáil do na ‘Bailte Seirbhíse Gaeltachta’. €100,000 a bheidh ar fáil do lucht pleanála teanga chathair na Gaillimhe agus chathair Chorcaí agus €80,000 sa bhliain a gheobhaidh lucht na pleanála teanga i Leitir Ceanainn, i gCaisleán an Bharraigh, sa Daingean agus i dTrá Lí.
Bailte agus cathracha iad seo atá suite le hais na Gaeltachta agus a chuireann seirbhísí poiblí, trádála agus sóisialta a sholáthar do phobal na Gaeltachta.
Gaeilge Locha Riach, Muintir Chrónáin, agus An Clár as Gaeilge Teo a bheidh freagrach as na pleananna sna Gréasáin Ghaeilge. seo a chur i bhfeidhm ina mbailte féin.