Muintir Bheaglaoich i mBaile Bhuirne agus imeachtaí eile
Tá deireadh seachtaine mór romhainn amach leis an olltoghchán, ach mura bhfuil suim agat i gcúrsaí polaitíochta, ná bíodh imní ort. Tá go leor imeachtaí eile ag tarlú timpeall na tíre a mbeidh tú in ann d’aird a dhíriú orthu….
Julie Jay agus Fred Cooke // McCarthys, Baile an Daingin Dé Sathairn 8 Feabhra @ 21:00
Is breá liom an fuirseoir Julie Jay, tá sí greannmhar, cliste, cineálta agus cuireann sí mé ag gáirí go minic. Tá sí ag súil amach le fuirseoir eile, Fred Cooke agus ní rómhinic go mbíonn siad le feiscint ar aon ardán le chéile… beidh áfach an deireadh seachtaine seo!
Is i dtábhairne McCarthys i mBaile an Daingin a bheidh siad agus iad ag bailiú airgid do charthanacht faoi leith, Kerry Cancer Support Services. Cúis mhaith. Níl ticéid ar díol do seo, mar sin beidh ort a bheith ann luath le spás a chinntiú duit féin!
Doireann Glackin agus Sarah Flynn // Knocklishen Beg House, Ceatharlach Dé Sathairn 8 Feabhra @ 20:00
D’eisigh Doireann Glackin agus a comrádaí ceolmhar Sarah Flynn albam ní rófhada ó shin, The Housekeepers a bhí mar theideal air. Chaitheadar beirt tuairim is dhá bhliain i mbun oibre ar an tionscnamh áirithe seo agus taighde á dhéanamh acu ar cheol le cúigear ban – Ella Mae O’Dwyer, Nora Hurley, Aggie Whyte, Ellen Galvin agus Mollie Myers Murphy. Gach seans go mbeidh ceol ón albam sin á sheinnt acu amárach agus iad le feiscint le chéile i Knocklishen Beg House, i gCeatharlach. Beidh siad le clos óna hocht a chlog. €15 atá ar na ticéid agus tá gloine fíona/tae/caife agus sneaiceanna san áireamh chomh maith!
Poitín // Ionad Cultúrtha na nÉireannach, Hammersmith, Dé Sathairn 8 Feabhra @ 17:00
Is minic mé ag trácht ar imeachtaí in Éirinn, ach le léitheoirí NÓS lonnaithe timpeall an domhain mhór, tá beartaithe agam bhur n-aird a tharraingt ar imeacht a bheidh ar bun i Hammersmith Shasana amárach. Taispeánfar an scannán aitheanta Poitín in Ionad Cultúrtha na nÉireannach sa chathair. Deis chun an sár-aisteoir Niall Tóibín, a cailleadh ag deireadh na bliana seo caite, a fheiscint agus a chomrádaithe ó shaol na drámaíochta – Dónal McCann, Cyril Cusack – agus tuilleadh nach iad. Súil siar ar shaol na hÉireann agus scéal faoi leith, ón mbliain 1979.
Méabh Ní Bheaglaoich, Séamus Ó Beaglaoich agus Matt Griffin, Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne Dé hAoine 14 Feabhra @ 20:00
Má bhíonn tú díomhaoin ar Lá le Vailintín… ná bíodh sé le rá agat nár tugadh moladh maith ar leathanach seo na n-imeachtaí duit! Beidh na ceoltóirí cumasacha, oilte Séamus Ó Beaglaoich agus a iníon Méabh mar aon leis an ngiotáraí Matt Griffin ar stáitse san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne ar an dáta rómansúil seo. Téir chucu i d’aonar nó go deimhin le do pháirtí!
Ionadculturtha.ie do na sonraí ar fad agus chun a chinntiú go mbeidh do thicéad agat/agaibh!
Tráth na gCeist Boird // Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin Dé hAoine 14 Feabhra @ 20:00
Beidh pobal Dhún Chaoin ag teacht le chéile ar an Aoine seo chugainn do Thráth na gCeist Boird 2020 ar son Chumann Duán na hÉireann. Bhí deis agam ‘bheith i láthair ag an ócáid seo (a bhíodh ar siúl aimsir na Nollag), le cúpla bliain anuas. Bíonn ana chraic ag baint leis i gcónaí agus béim ar cheisteanna a bhaineann le lucht na háite ó bhabhta go babhta!
Beidh duaiseanna crannchur le buachtaint mar aon le trófaí Pheigí Mistéal (i gcuimhne ar phearsa mór Dhún Chaoin a cailleadh i 2017). Foirne de cheathrar agus €40 mar tháille/in aghaidh an bhoird. Tá an ócáid seo eagraithe ag Comharchumann Dhún Chaoin.