Tá borradh mór faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí atá sa bhaile.
Tá Siobhán Ní Dhuinnín, rinceoir comhaimseartha as Corcaigh, i measc na ndaoine a chuaigh i muinín an idirlín lena cleachtaí rince a chur i láthair an dream óg atá sáinnithe sa bhaile.
Deir Ní Dhuinnín, atá ina rinceoir cónaithe in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, gur rang “suaimhneach” a chuirfidh “na hailt ag gluaiseacht”atá sa chéad mhír a thaifead sí.
Chuir Rachel Gaffney, teagascóir ióga a chuireann físeáin amach ar a cainéal YouTube ‘MyWellbeing’, rang ióga i nGaeilge ar fáil ‘don teaghlach ar fad’ chomh maith.Beidh a beirt pháistí, Clodagh agus Orlagh, a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoil, ar fáil le treoir a thabhairt do dhaoine sa bhaile ar mian leo tabhairt faoi na gluaiseachtaí.