Fear an ‘Phoitín’ as Conamara iompaithe ar dhéantús an díghalráin lámh
Tá poitín á úsáid chun díghalrán lámh a dhéanamh agus driogaire as Conamara ag iarraidh cuidiú leis an iarracht dul i ngleic leis an nganntanas díghalrán atá ann de bharr na géarchéime sláinte i láthair nua huaire.
Tá cinneadh déanta ag Pádraic Ó Griallais, bunaitheoir Micil Poitín, úsáid a bhaint as a dhrioglann chun díghalrán lámh a dhéanamh agus é a sholáthar d’eagraíochtaí sláinte agus carthanachta.
Poitín agus jin a bhíonn á ndéanamh ag Griallais ina dhrioglann i mBóthar na Trá i gcontae na Gaillimhe ach tá cead faighte aige ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an díghalrán a dhéanamh.
Tá Ó Griallais in ann úsáid a bhaint as an trealamh atá aige cheana féin chun an díghalrán lámh a dhéanamh agus beidh poitín nó alcól eile i measc na gcomhábhar.
“Bhraith muid go raibh leor eagraíochtaí, go háirid eagraíochtaí carthanachta, i dtrioblóid mar go raibh an ganntan sin ann faoi láthair,” a dúirt Ó Griallais agus é ag labhairt le TG4.
“Rinne muid cinneadh, ós rud é nach mbeadh muid fhéin ag plé le haon phoitín ná jin as seo go ceann roinnt seachtainí, go gcuirfeadh muid ár n-iarrachtaí agus ár gcuid fuinnimh isteach anseo ar mhaithe leis na daoine atá á n-iarraidh”
Buidéil a fháil an fhadhb is mó a bhí ag an driogaire go dtí seo ó déantar an-chuid acu sa tSín ach deir Ó Griallais go bhfuil súil aige go mbeidh sé in ann buidéil atá déanta in Éirinn a úsáid.
Níl sé i gceist ag Ó Griallais aon bhrabach a dhéanamh ar an táirge seo agus deir sé go ndíolfar an dílghalrán ar bhunphraghas.
Tá suim léirithe ag eagraíochtaí amhail Cancer Care West agus Clann Shíomóin sa táirge cheana féin agus tá súil ag Ó Griallais go mbeidh an chéad bhaisc ar fáil an tseachtain seo chugainn.
Má bhíonn fuílleach aige, cuirfear an díghalrán lámh ar fáil don phobal.
Tá Drioglann an Daingin ar cheann de na drioglanna eile ar fud na tíre a bhfuil an togra céanna ar bun acu.