Seachtain is an lá inniu sheol lucht na pleanála teanga feachtas nua ar na meáin shóisialta ar mhuintir na Gaeltachta, agus daoine a thug cuairt uirthi, pictiúir agus físeáin a roinnt ar na meáin shóisialta faoin haischlib #SeoÍAnGhaeltacht.
Ó shin i leith tá na céadta pictiúr agus físeán crochta ar Twitter, Instagram, Facebook, agus TikTok i measc suíomhanna eile sóisialta. Tá rogha beag curtha le chéile anseo againn de na pictiúir agus físeáin ar Instagram ba mhó a thaitin linne in oifig NÓS. Go mbaine sibh taitneamh as áilleacht agus éasgúlacht shaol na Gaeltachta!