Tá fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil dlús á chur arís le scaoileadh na srianta dianghlasála agus “an chuid is mó” de na srianta a bhí le scaoileadh ar an 20 Iúil le scaoileadh ag deireadh na míosa seo.
“Mar thír, thángamar tríd an ngéarchéim seo gan ligean don éadóchas muid a chloí. Bhí spiorad seo an dóchais tógálach agus sin a thug anseo muid – muid réidh le hathoscailt níos túisce ná a bhí sa bplean,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.
Faoi na hathruithe is déanaí ar an bplean díchuibhrithe, beidh cead ag gruaigeadóirí agus bearbóirí oscailt agus beidh cead ag suas le 50 duine cruinniú le chéile taobh istigh nuair a dhéanfar an chéad mhaolú eile ar an srianta ar an 29 Meitheamh.
Ón 29 Iúil beidh cead ag grúpaí suas le 100 duine teacht le chéile in ionad amháin.
Ón 29 Meitheamh beidh cead ag 200 duine cruinniú le chéile ag imeachtaí faoin aer agus ardófar sin go 500 duine ón 20 Iúil.
Beidh cead ag gach spórt tabhairt faoi chomórtais arís ón 29 Meitheamh.
Ar an 29 Meitheamh, cuirfear tús arís le sraithchomórtais foirne do dhaoine fásta agus do pháistí, spóirt ina mbíonn gartheagmháil ag imreoirí le chéile, chomh maith le himeachtaí spóirt ag a mbeidh lucht féachana an-teoranta a bheith i láthair.
Beidh cead chomh maith ag séipéil, amharclanna, pictiúrlanna, ionaid aclaíochta agus sciamheolaithe a athoscailt ar an 29 Meitheamh.
Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael cheana féin go bhfuil rún acu tús a chur le cluichí clubanna ón 31 Iúil ach d’fhéadfadh go dtosófaí ar thraenáil ina dteagmhaíonn imreoirí le chéile níos túisce ná mar a bhí socraithe.
Cuirfear fáilte mhór roimh an scaoileadh seo ar na srianta go háirithe daoine a raibh bainiseacha á bpleanáil acu agus eagraíochtaí a raibh ceolchoirmeacha agus ócáidí spóirt beaga á n-eagrú acu.
Thug an Rialtas a mbeannacht do na bearta maolaithe seo inniu.
Dúirt Leo Varadkar go raibh an cinneadh an plean díchuibhrithe a athrú ó bhonn bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.
Chaithfí cloí i gcónaí, a dúirt sé, leis na beartais a raibh ár leas déanta acu go n-uige seo, an scoitheadh sóisialta, an níochán lámh agus an féinleithlisiú.
Dúirt an Taoiseach gurb é iompar pearsanta an duine a choinneoidh an galar seo faoi chois amach anseo.
“Ní dhéanfaimid dearmad go deo ar a bhfuil caillte againn, a bhfuil foghlamtha againn agus a bhfuil bainte amach againn,” a deir an Taoiseach.