Deir cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Árann go bhfuil fearg ar mhuintir an oileáin faoi chinneadh an Rialtais go scaoilfí na srianta taistil atá i bhfeidhm ar na hoileáin Dé Luain.
Agus é ag caint ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu dúirt Micheál Ó Goill, cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Árann, go raibh “fearg” agus “díomá” ar mhuintir an oileáin go ndearna an Rialtas neamhaird de chomhairle lucht leighis an oileáin agus cead turasóirí chuig na hoileáin á phlé.
Dúirt Cathaoirleach an chomharchumainn nach raibh aon réiteach déanta fós le freastal ar aon turasóirí a thiocfadh agus nach raibh áiseanna ar bith ullmhaithe faoina gcomhair.
Níl go leor de lucht gnó an oileáin cinnte fós cén uair a osclóidh siad agus iad dúnta le cúpla mí de bharr srianta an Covid-19, ar sé.
Dúirt Cathy Ní Ghoil, bainisteoir an Chomharchumainn an tseachtain seo nach leis an gComharchumainn ná Comhdháil Oileáin na hÉireann comhairle leighis a chur ar an Rialtas agus gur chóir don Rialtas treoir shoiléir a thabhairt do na hoileáin faoin dáta athoscailte i bplean leasaithe an Rialtais. Seachas sin, fágadh gan soiléireacht iad, a dúirt sí.
An 10 Lúnasa an dáta athoscailte a tugadh do na hoileáin nuair a fógraíodh plean díchuibhrithe an rialtais ar dtús ach cuireadh dlús leis an bplean sin ó shin agus cuireadh deireadh ar fad leis an gcéim lena raibh na hoiléain luaite..
Ní raibh an tAire Stáit sásta go n-athosclófaí na hoileáin do thurasóirí go luath mar gheall ar an imní a dúirt sé a bhí ar go leor daoine de bhunadh na n-oileán faoin gcontúirt sláinte a d’fhéadfadh a bheith i gceist.
Deir sé chomh maith nach raibh muintir na n-oileán aontaithe ar an ábhar agus nach bhfuil “gach oileán” fiú ar aon intinn faoi conas is fearr na srianta taistil a bhí i bhfeidhm a mhaolú.
D’eagraigh an comharchumann in Inis Mór suirbhé ar an bhfón ag tús na seachtaine agus bhí formhór mór an phobail sásta le moladh an Aire Kyne gur de réir a chéile a d’osclófaí an t-oileán do thurasóirí.
Níor ghlac an Rialtas leis an moladh sin inné agus dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur mar gheall ar an gcomhairle a bhí curtha ar an Rialtas ag saineolaithe sláinte poiblí agus ag an Ard-Aighne a socraíodh cead a thabhairt do dhaoine taisteal chun na n-oileán arís ón Luan seo chugainn.
Ní fhéadfaí dlí amháin a chur i bhfeidhm ar an mórthír agus dlí eile a chur i bhfeidhm ar na hoileáin, a dúirt sé.
Mhaígh Ó Goill ar Raidió na Gaeltachta ar maidin gurbh fhearr leis féin gur de réir a chéile a thosófaí ag athoscailt an oileáin arís.
Chuir Comharchumann Inis Meáin fáilte roimh an treoir shoiléir ón rialtas, ach dúradh nach raibh aon leithris phoiblí ar an oileán agus nach fios conas a dhéanfaí freastal sábháilte ar thurasóirí.
Glactar leis go mbeidh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm ar na báid agus go mbeidh mascanna riachtanach nuair a thiocfaidh an dlí sin i bhfeidhm.