Tá glactha ag cosmhuintir Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais leis an gclár rialtais a d’aontaigh ceannairí na bpáirtithe.
Fágann na torthaí go dtoghfar amárach Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, ina Thaoiseach agus go gceapfar an 33ú Rialtas 140 lá i ndiaidh an olltoghcháin.
Athrú stairiúil i scéal na hÉireann a bheidh i mbunú an chomhrialtais amárach a fhágfaidh go mbeidh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i gcomhrialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.
Beidh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas a bheith mar chuid de rialtais.
Measadh an toradh i gcás an Chomhaontais Ghlais a bheith idir dhá cheann na meá mar ba ghá do dhá thrian de bhaill an pháirtí tacú leis an moladh chun go nglacfaí leis an gclár rialtais. 76% de bhaill an Chomhaontais Ghlais a vótáil ar a shon.
Fine Gael is túisce a d’fhógair toradh agus 80% den pháirtí a bhí ar son an chomhrialtais.
Bhí móramh mór ar son an chláir rialtais i bhFianna Fáil chomh maith agus 74% a vótáil ar a shon. Thacaigh 8,194 ball den 11,071 duine a chaith vóta leis an gclár rialtais. 66% de bhaill Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar a vótáil i gcoinne an chláir rialtais, an t-aon áit inar vótáil daoine i gcoinne an mhargaidh. Bhí an polaiteoir is sinsearaí sa pháirtí sa toghcheantar sin, an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív in aghaidh an chomhrialtais.
Dúirt ceannairí na dtrí pháirtí – Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan – go raibh siad an-sásta leis na torthaí, ach go raibh dúshláin go leor le sárú.
Beidh suí iomlán den Dáil san Ionad Comhdhála ar Dhuga Spencer i mBaile Átha Cliath maidin amárach chun Martin a thoghadh ina Thaoiseach. Tráthnóna amárach a cheapfar airí an 33ú rialtas. Beidh ceapadh seisear airí ag Fianna Fáil, seisear ag Fine Gael agus triúr ag an gComhaontas Glas.
Ní féidir seisiún Dála ag a mbeadh gach Teachta Dála i láthair a reáchtáil i dTeach Laighean de bharr go gcaithfear cloí leis an scoitheadh sóisialta.