Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Sé chás nua atá deimhnithe.
Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil rabhadh eile tugtha ag an bPríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.
Dúirt an Dr Holohan tráthnóna go bhfuil an galar fós ag scaipeadh go treán ar fud an domhain agus gurb í comhairle na n-údarás sláinte i gcónaí ná gan taisteal thar lear mura bhfuil a leithéid riachtanach.
Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. Aon chás nua amháin a deimhníodh ó thuaidh.
2,289 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,738 duine ó dheas den teorainn agus 551 ó thuaidh di.
Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.
31,238 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,477 cás ó dheas den teorainn agus 5,761 cás ó thuaidh di.
Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le fios tráthnóna gur bhain 31 de na cásanna nua den ghalar a deimhníodh i mí an Mheithimh leis an taisteal.
Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, Ronan Glynn, gur dúshlán mór a bheadh ann an chothromaíocht cheart a fháil idir an galar a choinneáil faoi chois agus an tír a athoscailt.