Bhí seans leis an Teachta Dála Francis Noel Duffy go bhfuair sé deis chainte sa Dáil inné, an lá céanna ar thug a bhean chéile Catherine Martin a céad phíosa cainte uaithi mar aire.
“Tá mé thuas anseo!” a scairt an Teachta Dála ó na suíocháin is airde san Ionad Comhdhála, mar a mbíonn an Dáil ar siúl faoi láthair de bharr na rialacha faoin scoitheadh sóisialta.
Bhí an Teachta Dála as Baile Átha Cliath Thiar Theas chomh fada sin ón gCeann Comhairle gníomhach, Bernard J Durkan, gur ar éigean go raibh an Teachta Dála de chuid Fhine Gael in ann é a dhéanamh amach.
Ach ní ar Durkan amháin a bhí sé. Tamall beag ina dhiaidh sin, bhí ar an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl leithscéal a ghabháil leis an nGaeilgeoir anairde ar an lochta mar nach bhfaca sé ach oiread é.
D’éirigh le Francis Noel Duffy a chuid a rá, áfach, agus bhí formhór a raibh le rá aige i nGaeilge.
Meastar go gcosnaíonn sé €25,000 in aghaidh an lae an tIonad Comhdhála a úsáid d’imeachtaí na Dála agus an tSeanaid.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Marc MacSharry, an tseachtain seo, gur “cur amú mór airgid” a bhí ann agus go bhféadfaí an obair a dhéanamh go sábháilte i dTeach Laighean.