Ní bhfuair Amharclann na Mainistreach ach dhá iarratas i nGaeilge as 400 iarratas ar fad le bheith páirteach sa léiriú ‘Dear Ireland’ a reáchtáladh ar líne aréir.
Roghnaíodh litir a scríobh Dave Duggan agus a léigh Jim Cunningham mar cheann den 20 litir a léadh ag ócáid a taifeadadh ar ardán Amharclann na Mainistreach agus a craoladh ar líne aréir.
Cuireadh tús leis an chéad chuid den léiriú ‘Dear Ireland’ i mí Aibreáin seo caite, tráth ar craoladh sraith litreacha monalóige ar líne faoin saol le linn na dianghlasála.
‘Comhrá náisiúnta faoi threoir 50 ealaíontóir agus 50 scríbhneoir’ an cur síos atá ag Amharclann na Mainistreach ar an léiriú ‘Dear Ireland’.
Is í Amharclann na Mainistreach a choimisiúnaigh an 50 scríbhneoir le litir a scríobh don chéad chuid den léiriú ‘Dear Ireland’ agus roghnaíodh 50 aisteoir lena saothair a léamh. As an 50 litir a coimisiúnaíodh, bhí dhá litir i nGaeilge, ceann a scríobh Manchán Magan a léigh Bríd Criomhthain agus ceann eile le Zoe Ní Ríordáin a léigh Seána Kerslake.
I mí an Mheithimh, lorg Amharclann na Mainistreach litreacha ón phobal faoina dtaithí le linn na paindéime le bheith mar chuid d’imeacht na hoíche aréir.
Dheimhnigh urlabhraí ó Amharclann na Mainistreach le Tuairisc.ie gur lorgaíodh litreacha i mBéarla agus i nGaeilge mar chuid den phróiseas oscailte ach nach bhfuaireadar ach dhá iarratas i nGaeilge as an 400 iarratas ar fad.
I measc na ndaoine a bhí páirteach san imeacht ‘Dear Ireland’ a craoladh ar chainéal digiteach na hamharclainne aréir, bhí Sabina Higgins, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, an tAire Cultúir Catherine Martin, an ceoltóir Damien Dempsey agus an colúnaí aitheanta Fintan O’Toole.