Tá sé “dochreidte” go raibh laoch mór ceoil ag caint faoi “bheirt amhránaithe óga as Conamara”, a dúirt Séamus Ó Flatharta as an Ard Mhóir, Cill Chiaráin, faoin scéal gur físeán de féin agus dena dheirfiúr Caoimhe a spreag an réalta Imelda May suim a chur sa Ghaeilge in athuair.
Taifeadadh an físeán sa Mhuileann gCearr i gcontae na hIarmhí an mhí seo caite mar chuid den chlár Fleadh2020.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Séamus Ó Flatharta gur “cúis bhróid atá ann freisin go raibh Imelda May ag scaipeadh an scéil gur cheart chuile dhuine a bheith ag labhairt na Gaeilge agus gur cuid dár bhféiniúlacht atá inti”.
“Bhí mé ar bís ar fad. Ní raibh mé in ann é a chreidiúint ar chor ar bith go raibh sí ag caint fúinne,” a dúirt Ó Flatharta.
Tá achainí déanta ag Imelda May, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas í, ar dhaoine breathnú ar an bhfíseán don bheirt Fhlathartach ag casadh ‘Eileanóir a Rún’. “So beautiful, so moving,” a dúirt sí.
Ní hamháin go bhfuil sé i gceist aici féin tabhairt faoi athfhoghlaim na Gaeilge, ach dúirt sí gur “riachtanas” atá ann di anois. Dúirt sí freisin go ndéanann sí iarracht an oiread Gaeilge agus atá aici a úsáid go rialta agus gur bhreá léi dá mbeadh tábhairne, caifé nó siopa ann go bhféadfadh sí dul ann le foghlaim ó dhaoine eile.
Dúirt Imelda May in agallamh ar Raidió RTÉ go bhfágann an iomarca daoine an córas scolaíochta agus gan aon tuiscint cheart acu ar an teanga.
“Ba cheart go mbeimis ag foghlaim an Bhéarla mar dhara teanga ag an scoil agus go mbeadh an Ghaeilge mar chéad theanga againn ar fad,” a dúirt sí.
Braitheann sí “amaideach, aineolach, agus náirithe” go bhfuil sí ag athfhoghlaim na Gaeilge mar dhuine fásta seachas í a bheith aici ón mbaile ná ón scoil. An rud is mó a bhraitheann sí uaithi ná “na luachanna” a thugann an teanga di mar chuid dá hoidhreacht.