Tá an Aimsir Láithreach ar TG4 á chraoladh ag stáisiún teilifíse poiblí SBS na hAstráile.
Roinnt míle duine a bhreathnaigh ar an aimsir i nGaeilge ar sheirbhís ‘ar éileamh’ SBS na hAstráile ó cuireadh an chéad mhír aimsire ó TG4 ar fáil mí Aibreáin na bliana seo.
Físeán trí bhomaite ar fhad atá sna físeáin de láithreoirí aimsire an stáisiúin Ghaeilge i stiúideo Bhaile na hAbhann agus bíonn siad á sruthú ar shuíomh SBS ó Luan go hAoine.
Is iad NITV, nó ‘National Indigenous Television’, cainéal teilifíse do phobail dúchais na hAstráile atá mar chuid de SBS, a rinne teagmháil le TG4 maidir leis an chomhfhiontar agus iad meallta ag mír aimsire a scaipeadh ar chuntas Twitter Aimsir TG4.
Dúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc.ie gur “deis” a bhí sa chomhfhiontar ábhar TG4 a chur ar fáil do phobal “níos leithne”.
Dúirt an t-urlabhraí chomh maith gur “léir” go bhfuil Éireannaigh atá i bhfad ó bhaile ag baint sult as tuairiscí na haimsire a fháil i nGaeilge gach lá den tseachtain.
Bíonn réamhaisnéis na haimsire ar fáil gach lá ar sheinnteoir agus ar shuíomh TG4, áit a mbíonn eolas faoi théarmaíocht choitianta, nathana cainte agus seanfhocail a bhaineann leis an aimsir.
An comhlacht MetraWeather, atá lonnaithe sa Nua-Shéalainn, a chuireann seirbhísí aimsire ar fáil do TG4. I measc na seirbhísí sin, tá an córas grafaicí ‘Weatherscape’ agus na scripteanna. Bíonn meitéareolaithe ar fáil chomh maith le heolas breise a chur ar fáil do láithreoirí aimsire TG4 nuair is gá.