Tá ráite ag ceannasaí an HSE Paul Reid go leagann an eagraíocht sin “béim mhór” ar chumarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge faoin ngéarchéim sláinte, ach go gcuirfeadh sé fáilte roimh mholtaí maidir le feabhas a chur ar an tseirbhís i nGaeilge.
Tá cáineadh géar déanta ar na húdaráis sláinte ó thús na paindéime faoina laghad eolais atá curtha ar fáil i nGaeilge acu faoi chúrsaí Covid-19.
Cuireadh i leith Phríomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu ag cruinniú de Choiste Sláinte Thithe an Oireachtais go raibh an easpa infheistíochta atá á déanamh in eolas i nGaeilge a chur ar fáil don phobal “an-soiléir”.
An Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee a d’ardaigh cás na Gaeilge ag an gcruinniú den choiste Sláinte.
Dúirt sí go raibh a laghad eolais a cuireadh ar fáil i nGaeilge ó thús na paindéime “uafásach ar fad”.
Mhaígh Paul Reid go mbíonn an HSE ag cloí le “treoirlínte an Rialtais” i leith an dátheangachais agus go mbíonn “béim mhór” acu ar an gcumarsáid i nGaeilge. Luaigh Reid chomh maith go bhfuil Gaeilge ag an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, agus go mbíonn an Dr Henry ar fáil le labhairt i nGaeilge leis na meáin Ghaeilge.
Dúirt sé go gcuirfeadh sé fáilte roimh aiseolas ar bith faoin scéal.
Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee gur “údar mór imní” a laghad eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí agus gur fadhb í a chaithfear dul i ngleic léi láithreach.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur chaith an HSE níos lú ná 2% den airgead a chaith siad ar fhógraíocht faoin bpaindéim ar fhógraí Gaeilge.
D’íoc Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os cionn €2.5 milliún ar fhógraí raidió, teilifíse agus ar na meáin shóisialta idir mí an Mhárta agus deireadh mhí Mheán Fómhair a bhain le heolas faoin bpaindéim ach níor caitheadh ach €44,600 den iomlán ar ábhar Gaeilge – 1.8%.
Mar atá léirithe ag an suíomh seo ó thús na paindéime, ní chuirtear ar fáil i nGaeilge ach fíorbheagán den eolas, den chomhairle agus de na treoirlínte faoin choróinvíreas, atá á nuashonrú gach lá i mBéarla ar shuíomh an rialtais agus ar shuíomh an HSE.
De réir na comhairle sláinte is déanaí i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidir le Covid-19 ní fiú do dhaoine nach bhfuil tinn masc a chaitheamh.
Dúirt Lorraine Clifford-Lee, ball de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, le Tuairisc.ie gur “mór an náire é” go bhfuil comhairle sláinte phoiblí mhíchruinn dá leithéid á cur amach ag an rialtas i nGaeilge.
Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte le Tuairisc.ie cheana go bhfuil ábhar á fhoilsiú ar líne i mBéarla sula mbíonn an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil “de bharr a riachtanaí a bhí sé go gcuirfí eolas tábhachtach faoin tsláinte phoiblí ar fáil don phobal go gasta”.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite nár cheart dearmad a dhéanamh le linn na paindéime ar cheist “inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo”.
Dúirt sé gur léirigh cás na teanga le linn na paindéime Covid-19 go raibh an baol ann gur nuair is “tábhachtaí agus is práinní” an chumarsáid gur lú an seans go ndéanfar an chumarsáid sin i nGaeilge.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh “géarghá” le leasuithe a dhéanamh ar an reachtaíocht teanga lena chinntiú go ndéanfaidh an Stát “freastal níos fearr” ar phobal labhartha na Gaeilge “ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta”.