Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gruaimscrollail-an-ghaeilge-ar-doomscrolling-–-focloir-nua-covid-19-foilsithe

Gruaimscrolláil an Ghaeilge ar doomscrolling – foclóir nua Covid-19 foilsithe

Nuair a tháinig an víreas nua an taobh seo domhan faoi fhéile Pádraig, thug sé leis neart téarmaí agus coincheapa nua chugainn agus ar ndóigh nuair is crua don chailleach caithfidh sí tosú ag ceapadóireacht.

B’éigean dúinn an teanga a bhí againn a lúbadh agus a ionramháil le freastal ar an bpaindéim foclóireachta sin. Chuir Tuairisc.ie ár bhfoclóir beag féin ar fáil mí an Mheithimh le freastal ar an mbearna téarmaíochta agus is léir gur foinse luachmhar a bhí sa suíomh seo don chnuasach nua seo ó Fiontar DCU.

Is fearr go mór go mbeadh na foinsí oifigiúla ag tarraingt as téarmaíocht a bhfuil dua caite cheana léi seachas a bheith ag cumadh ar mhaithe le bheith ag cumadh.

Thug lucht Fiontar DCU faoi deara gur bhraith lucht labhartha na Gaeilge nach raibh ach an beagán den eolas oifigiúil á chur ar fáil trí Ghaeilge agus leis an easpa sin a chúiteamh tugadh faoin togra foclóireachta as ar eascair an foclóir nua seo.

Grúpa taighde Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, a bhí i mbun an tionscadail. Agus an phaindéim faoi lán seoil sa tír shocraigh siad na téarmaí éagsúla a bhí i ngnáthúsáid a bhailiú le chéile mar aon leis na coincheapa nua a bhí anois ar bhéal an phobail.

Cinneadh go gcuirfí an cnuasach ar fáil laistigh de roinnt míonna agus nach téarmaí oifigiúla amháin a chuirfí ar an liosta ach na cinn a bhí in úsáid coitianta ag an bpobal agus ag na meáin chumarsáide agus na meáin shóisialta chomh maith.

Fágann an cinneadh sin go bhfuil rogha ag an úsáideoir an ceann is fearr a thaitníonn leis féin a úsáid.

Má chaitheann tú fanacht istigh agus an aicíd a sheachaint féadfaidh tú clutharú, cocúnú nó neadú a thabhairt air agus beidh tú slán sábháilte ón víreas agus théarmeolaithe.

Ba dhíol suime ag an Dr Gearóid Ó Cleircín, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge,

an chaoi a bhfacthas téarmaí áirithe “á bhfréamhú sa teanga de bharr a ngnáthúsáide sna meáin thraidisiúnta agus ar na meáin shóisialta”.

Ar ndóigh cruthúnas atá ansin, agus sa bhfoclóir seo, go bhfuil ar chumas na Gaeilge freastal ar aon chor a chasann an saol ina bealach ach í a bheith á húsáid i ngnáthchúrsaí an tsaoil gan leithscéal ná leisce.

Sna cásanna sin nach raibh teacht ag na taighdeoirí ar aon leagan Gaeilge de choincheapa a bhain leis an Covid-19, fuarthas moltaí ón gCoiste Téarmaíochta. Ó na téarmeolaithe sin a tháinig COVID marthanach ar long COVID, gruaimscrolláil ar doomscrolling agus dornbheannú ar elbow bump.

Beidh sé spéisiúil cé chomh marthanach a bheidh cuid de na téarmaí sin nó an ndíbreoidh Covid ainsealach, mar shampla, as an gcaint iad.

Spéisiúil go leor níl bheith istigh ag púicín, pusachán ná cealtair ar an masc aghaidhe cé go mbíonn a lán clamhsán faoin masc ag Gaeil.

Tá eolas gramadaí, foinsí, sainmhínithe agus samplaí dá n-úsáid curtha leis an gcnuasach. Ba chóir breathnú arís ar an leagan amach atá ar an bhfoclóir ina bhfuil an 275 ‘toradh’ Gaeilge agus Béarla measctha san innéacs céanna.

Cuirfidh an fhoireann fáilte roimh aon mholtaí ón bpobal maidir le téarmaí atá ar iarraidh ón gcnuasach.

Tá foclóir an Covid-19 ar fáil anseo.

Seo agaibh Foclóir Beag Béarla-Gaeilge an Chóroínvíris

Níos mó