Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis
Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo, meas tú?
Cén éagóir a luaitear?
Cén post atá ag Bláthnaid Ní Ghreacháin?
Luaigh rud amháin a deir sí.
Céard atá i gceist le “ar bhonn práinne”?
Cén fáth a labhraítear le Tony Ó Murchú?
Cad deirtear faoi na scrúdaitheoirí?
Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
Éist leis na habairtí arís más gá.
Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Éist le cúpla abairt go randamach sa mhír agus déan iarracht sampla don tuiseal ginideach a aimsiú.
Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Ó Ceallaigh go raibh sé “ríshoiléir” nach bhfuair daltaí “gráid chuí” sa Ghaeilge i gColáiste na Coiribe i mbliana toisc nár cuireadh san áireamh go rabhadar ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.
Dúirt Ó Murchú go mbíonn “amhras” air faoi na gráid a bhronntar ar dhaltaí i nGaelcholáistí sa scrúdú Gaeilge. “Ní léir dom gurb ionann an H1 nó H2 a fhaigheann dalta i nGaelcholáiste agus
A mhalairt scéil atá ag Príomhoide Choláiste na Coiribe, Eoghan Ó Ceallaigh, a deir gur tháinig laghdú 50% ar na gráid a bronnadh ar dhaltaí sa scrúdú Ardteiste Gaeilge ina scoil féin.
an H1 nó H2 a fhaigheann dalta i scoil Bhéarla.“Chonaiceamar samplaí éagsúla thar na blianta de dhaltaí a d’fhág an scoil agus a chuaigh chuig scoil Bhéarla chun an Ardteist a dhéanamh agus d’éirigh leo an marc is airde
a bheith i measc daltaí a bhfuil caighdeán Gaeilge níos airde acu,” a dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara i gCill Mhantáin, Tony Ó Murchú.
“Tá muid ag iarraidh an cheist seo a ardú ionas nach dtarlódh sé in athuair i mbliana,” a dúirt Ó Ceallaigh.
a d’fhéadfaí a fháil sa scrúdú Gaeilge mar go raibh caighdeán níos airde acu i gcomparáid leis na daltaí eile sa scoil sin. Bheadh daltaí ar an gcaighdeán céanna sa scoil againne nach bhfaigheadh an marc is airde toisc iad