![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tweetanna-a-seoladh-#trasnanadtonnta-den-dara-huair-in-2020](/wp-content/themes/yootheme/cache/45/32041-tweetanna-a-seoladh-trasnanadtonnta-den-dara-huair-in-2020-45a6c2bd.png)
Tweetanna á seoladh #TrasnanadTonnta den dara huair in 2020
Tá an feachtas Twitter #trasnanadtonnta faoi lán seoil den dara huair in 2020 agus súil ag lucht an fheachtais cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne a chur ag giolcaireacht i nGaeilge ar feadh na seachtaine.
Bhí #TrasnanadTonnta ar siúl cheana féin i mí Aibreáin na bliana seo ach is ar éigean a ghlac duine ar bith páirt ann. Bhí titim 80% ar líon na ngiolcacha a seoladh faoin haischlib le linn fheachtas an earraigh i gcomparáid leis an líon mór giolcacha a seoladh in 2019.
Fógraíodh ag an deireadh seachtaine go mbeidh an feachtas á reáchtáil arís an tseachtain seo agus súil ag lucht a eagraithe go meallfar caint i nGaeilge ó Ghaeil atá ina gcónaí thar lear.
Táimid beo ar líne a chairde Gaeil!! Bígí linn do #TrasnanadTonnta agus seolaigí tweet leis an haischlib seo! Beatha teanga í a labhairt
— Trasna20 (@Trasna20) December 14, 2020
Cuireadh tús leis an bhfeachtas ar na meáin shóisialta ar maidin agus cheana féin tá roinnt mhaith daoine ar fud an domhain tar éis teachtaireacht a chur amach faoin haischlib #trasnanadtonnta – ambasáidí na hÉireann, eagraíochtaí teanga agus cultúir, agus daoine aonair ina measc.
Is í Fondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada atá a eagraíonn an feachtas, agus tá teagascóirí Gaeilge na Fondúireachta gnóthach ó mhaidin ar na meáin shóisialta á chur chun cinn.
“Tugann feachtas @Trasna20 deis do dhaoine ar fud na cruinne ár dteanga a cheiliúradh & a roinnt ar líne.
Tá áthas orm go bhfuil mo Roinnsa ag tacú leis tríd Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada @ICUF_Awards
Glac páirt & úsáid #TrasnaNadTonnta”
– An tAire @cathmartingreen pic.twitter.com/lmhHsW5P9p
— Tourism-Culture-Arts-Gaeltacht-Sport-Media (@DeptCulturelRL) December 14, 2020
Tá teachtaireachtaí tacaíochta faighte ag lucht an fheachtais ón Aire Gaeltachta Catherine Martin, ó ambasadóirí na hÉireann ar fud an domhain, agus ó eagraíochtaí ar nós Chumann Lúthchleas Gael.