B’éigean don iris chultúir NÓS an córas tráchtanna faoi fhíseán YouTube dá gcuid a mhúchadh i ndiaidh “ionsaí eagraithe ciníoch”. An cainteoir Gaeilge de bhunadh na Nigéire, Ola Majekodunmi, a bhí le feiceáil san fhíseán a foilsíodh Dé Máirt.
Go gairid i ndiaidh do NÓS an físeán a fhoilsiú ar YouTube agus ar na hardáin eile inné, scaipeadh é ar “ghrúpaí ciníocha in Éirinn, i Meiriceá, sa Ghearmáin, agus i Sasana” agus fágadh na céadta trácht maslach faoi.
Dúirt Ola Majekodunmi, craoltóir agus ball de Bhord Fhoras na Gaeilge, lena leantóirí ar Twitter nár chuir sé ionadh uirthi go raibh “go leor tagairtí ciníocha” á bhfáil aici faoin bhfíseán ach go gcuireann sé isteach uirthi go mbeadh “daoine le Gaeilge” á bhfágáil chomh maith le cinígh an Bhéarla.
“Is fianaise é sin den ghráin atá ann do dhaoine cosúil liom féin a bhíonn ag labhairt na teanga. Tá a fhios agam cheana nach bhfuil daoine sásta leis an obair atá mé féin a dhéanamh agus is cuma liom, ach tá mé ag iarraidh go bhfeicfidh daoine eile sa phobal go bhfuil an ghráin seo ann.
“Bíonn sé deacair orm labhairt faoin ngráin seo toisc go bhfuilim mar pháirt den phobal seo, ach caithfidh mé an fhírinne a insint go bhfuil ciníochas ann [i saol na Gaeilge] chomh maith. Nuair a bhí mé ar scoil, níor thaitin sé le roinnt daoine go raibh duine cosúil liom féin i nGaelscoil. Tá a fhios agam go mbreathnaím difriúil le formhór na ndaoine eile i spásanna Gaeilge ach tá an mhuinín agam féin leanúint ar aghaidh le m’obair agus tuiscint a bheith agam go bhfuil cead agam a bheith sa spás sin chomh maith,” a dúirt Ola Majekodunmi ar Twitter.
Bhí os cionn cheithre chéad trácht faoin bhfíseán nuair a múchadh an córas tráchtanna ar an gcainéal YouTube aréir, agus go leor acu á bhfágáil ag cuntais a bhí cláraithe i Sasana, i Meiriceá agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.
Dúirt eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín, gur léir go raibh “feachtas eagraithe ciníoch” i gceist agus go mb’éigean dó iarraidh ar stiúrthóir Fhíseáin NÓS, Gráinne Holland, an córas tráchtanna faoin bhfíseán a mhúchadh.
Dúirt Ó Coimín gur tugadh os cionn míle “ordóg síos” don fhíseán sa chúpla uair an chloig i ndiaidh dó a bheith curtha amach agus gur fágadh idir 300 agus 400 trácht maslach ciníoch faoi.
Dúirt Stiúrthóir Fhíseáin NÓS, Gráinne Holland, a rinne an físeán le hOla i gcathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite, nár rith sé léi “in am ar bith” go mbeadh daoine “réidh le hionsaí a dhéanamh” ar Ola agus ar an teachtaireacht a bhí á craobhscaoileadh aici san fhíseán.
“Bhí NÓS ag iarraidh físeán a dhéanamh i gcomhthéacs Black Lives Matter agus na heachtraí uafásacha a tharla sna Stáit Aontaithe níos luaithe i mbliana. Bhí muid ar an eolas faoin obair iontach a bhíonn ar siúl ag Ola agus bhí muid an-sásta an deis a fháil físeán a léiriú léi, bunaithe ar a cuid scríbhneoireachta faoi ghruaig na mban dubh.
“Níor rith sé liom in am ar bith go mbeadh daoine amuigh ansin réidh le hionsaí a dhéanamh ar an teachtaireacht chróga atá aici ag ar gach a seasann sí dó.
“Bhí a fhios agam, ar ndóigh, go raibh an ciníochas ann ach chuir sé iontas, brón agus fearg orm cuid de na tráchtanna a fágadh ar an fhíseán a léamh. Ní thig liom ach a shamhlú cad é mar a bheadh sé cur suas leis an leibhéal ciníochais sin ó lá go lá agus tá mé féin agus gach duine eile i dteaghlach mór NÓS ag seasamh go láidir le hOla. Tá ár dtacaíocht uilig aici,” a dúirt Holland le Tuairisc.ie.
Dúirt Holland gur gá do “gach duine taobh amuigh agus taobh istigh de phobal na Gaeilge” cur go mór i gcoinne an chiníochais agus “fáilte a chur roimh chách páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí seo”.
“Caithfidh muid a chinntiú gur leis an fháilte, an oscailteacht agus an grá a bheidh an lá,” a dúirt sí.