Is cinnte go mbíonn muid uilig ag ithe agus ag ól níos mó ag an Nollaig ná aon am eile den bhliain. De gnáth bíonn seo á dhéanamh againn agus muid den tuairim go mbeidh muid níos aclaí agus níos sláintiúla sa bhliain úr.
In amanna bíonn sé níos deacra ná mar a shíleann muid tús a chur leis an aclaíocht arís. Labhair Órla Nig Oirc le Meon Eile faoin turas aclaíochta a bhí aici 6 bliana ó shin nuair a chinn sí athrú saol a bheith aici i mí Eanair.
D’athraigh sí a haiste bia ag an am agus chinn sí níos mó mó aclaíochta a dhéanamh go rialta. Tugann sí comhairle faoin dóigh is fearr le toiseacht amach le bheith níos sláintúla agus an dóigh gur féidir leat caidreamh a chothú leis an giomnáisam gan barraíocht brú a chur ort féin.
Tugann Órla léargas ar an tionchar a bhíonn ag an aclaíocht ar ár gcuid meabharshláinte agus an dóigh a chuidíonn an aclaíocht linn slí mhaireachtála feabhsaithe a bheith againn.