Pléifear a bhfuil i ndán do scrúduithe na hArdteiste, béaltriail na Gaeilge ina measc, ag cruinniú speisialta an tseachtain seo.
Tá an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) i mbun pleanála do scrúduithe na hArdteiste 2021 i láthair na huaire agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte phoiblí atá cruthaithe ag an Covid-19.
Mar chuid de na hullmhúcháin, tá grúpa comhairleach speisialta bunaithe chun scrúduithe na hArdteiste a phlé agus beidh cruinniú ag an ngrúpa sin Dé hAoine, an 15 Eanáir.
Tá an brú atá á chur ar an Rialtas fógra a dhéanamh faoi Ardteist na bliana seo ag méadú, go háirithe i gcás na scrúduithe cainte a thosaíonn mí an Mhárta.
Tá ionadaithe ón Roinn Oideachais, an Roinn Ardoideachais, an SEC. daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, boird bhainistíochta scoileanna agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an ngrúpa comhairleach.
I measc na rudaí is práinní atá le plé ag an gcruinniú, tá cás na scrúduithe cainte.
Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie go raibh sé ina rún láidir ag an Roinn scrúduithe na hArdteiste a reáchtáil ach diúltaíodh aon eolas a thabhairt maidir leis na scrúduithe cainte a bhfuil amhras mór ann faoina bhfuil i ndán dóibh.
“Is é rún daingean na Roinne agus an Aire Oideachais scrúduithe 2021 a reáchtáil agus na bearta cuí sláinte phoiblí agus aon réiteach eile a bheith faoi réir chuige sin,” a dúradh.
Reáchtáiltear na scrúduithe cainte idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin gach bliain ach cuireadh ar ceal anuraidh iad de dheasca na paindéime iad agus tá siad i mbaol arís i mbliana.
Is ionann scrúdú cainte Gaeilge na hArdteistiméireachta agus 40% de na marcanna ar fad. 25% atá ag gabháil do na scrúduithe cainte i scrúdú Ardteiste na Fraincise, na Gearmáinise agus na Spáinnise.
Rinneadh leasuithe eile ar Ardteist na bliana seo mar gheall ar an méid ama scoile a chaill daltaí nuair a dúnadh na scoileanna mí Márta 2020 de bharr an choróinvíris.
Laghdaíodh an méid den siollabas a bheidh éigeantach sna hábhair ar fad, agus tugadh rogha níos leithne do dhaltaí agus iad ag freagairt ceisteanna sna scrúduithe stáit.
An t-athrú is feiceálaí ar an Ghaeilge san Ardteist is ar an scrúdú cainte é mar gur 10 bpictiúr as an 20 Sraith Pictiúr a bheidh le réamhullmhú feasta ag gach dalta Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil.
Tá 61,000 dalta ag tabhairt faoi scrúdú deiridh na hiarbhunscolaíochta i mbliana.
Tharraing an Rialtas raic an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh go raibh iarbhunscoileanna an stáit le hathoscailt trí lá sa tseachtain do dhaltaí Ardteiste amháin.
Cáineadh go láidir an plean agus caitheadh i dtraipisí é.