Beidh ceardlann, scéalaíocht, taispeántas ealaíne agus ceolchoirm i measc na n-imeachtaí a bheidh mar chuid d’Fhéile Imbolc atá á reáchtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo.
Agus cosc ar dhaoine cruinniú le chéile na laethanta seo, táthar chun clár ilealaíon fíorúil a chur ar fáil chun an fhéile agus tús an earraigh a cheiliúradh.
Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna le ceardlann Crosóga Bríde agus físeán feasachta Imbolc agus reáchtálfar imeachtaí éagsúla i gcaitheamh na seachtaine.
Mhol Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, an obair atá ar bun ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich imeachtaí cultúrtha a chur ar fáil don phobal in ainneoin na paindéime.
“Ba thógáil croí iad grúpaí ealaíon agus cultúrtha ar nós na Cultúrlainne le linn na paindéime,” a dúirt McDonough.
“Cuireann siad i gcuimhne dúinn go bhfuil níos mó i gceist leis na healaíona seachas caitheamh aimsire leis an am a chur isteach. Léiríonn siad go bhfuil an chruthaitheacht go fóill ar cheann de na rudaí is mó a thugann misneach dúinn sna laethanta seo.”
Beidh na himeachtaí le feiceáil ar ardáin éagsúla mheáin shóisialta na Cultúrlainne, amhail Facebook, Instagram agus Youtube.
Tá Clár Imbolc 2021 na Cultúrlainne á reáchtáil idir mí Eanáir agus mí an Mhárta agus an clár iomlán le feiceáil anseo.
Sceideal Fhéile Imbolc Chultúrlann McAdam Ó Fiaich
01/02/21 12pm & 7pm Ceardlann Crosóga Bríde 5pm Físeán Feasachta Imbolc
02/02/21 3pm Scéalaíocht Imbolc le JJ Ó Dochartaigh
03/02/21 7pm Leabhra Feabhra le Réaltán Ní Leannáin
04/02/21 3pm Ealaín Imbolc le Drithle Adams 7pm Oscailt Oifigiúil an Taispeántais ‘Aesthetic Distance’ le Vera Ryklova
05/02/21 8:30pm Ceolchoirm Imbolc
06/02/21 & 07/02/21 11am-1pm Dianchúrsa Gaeilge