Beidh cúig chlár de chuid TG4 san iomaíocht do Ghradaim RTS na hÉireann atá á mbronnadh den chéad uair i mbliana.
An tseachtain seo chugainn a chraolfar ar Virgin Media One na Gradaim nua atá á n-eagrú ag an Royal Television Society, nó Cumann Ríoga na Teilifíse.
Tá Is Olc an Ghaoth, gearrscannán atá lonnaithe ar oileán Acla aimsir na paindéime, ainmnithe sa ránnóg drámaíochta mar a mbeidh sé á fhéachaint le Dead Still agus Normal People.
Tá Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige, ar thug léirmheastóir Tuairisc.ie “clár tábhachtach machnamhach suaite álainn” air, ainmnithe i rannóg na gclár faisnéise aonair. Beidh sé san iomaíocht le Abbeyfealegood agus Love & Loss in a Pandemic.
Tá Cogadh ar Mhná, clár a thuill ardmholadh do TG4 as an léargas a thug sé ar an bhforéigean gnéis i rith bhlianta na réabhlóide in Éirinn, ainmnithe i rannóg na bhfíorscéalta speisialta.
Tá ainmniúchán faighte ag an tsraith Laochra Gael i rannóg an spóirt. Eagrán inar insíodh scéal an pheileadóra Kieran Donaghy a bheidh san iomaíocht do TG4 agus Nemeton TV.
Tá ainmniúchán i rannóg na gclár do pháistí faighte ag Sol.
126 clár a bhí istigh ar na gradaim agus 27 clár a ainmníodh i naoi rannóg éagsúil.
Ag na gradaim Dé Máirt seo chugainn bronnfar gradam speisialta ar Dhara Ó Briain, fear grinn agus cainteoir líofa Gaeilge.
Tá tacaíocht á tabhairt ag Virgin Media Television, RTÉ, TG4, Sky Ireland, an BAI agus Screen Ireland do na Gradaim RTS.
Tá rún ag na gradaim, a deirtear, “aitheantas a thabhairt don earnáil léiriúcháin i dtionscal na teilifíse in Éirinn as barr feabhais a gcuid oibre”.
Na hAinmniúcháin:
1 – Drámaíocht
Dead Still – Deadpan Pictures, Shaftesbury
Normal People – Element Pictures
Is Olc an Ghaoth – Lunar Pictures
2 – Siamsaíocht
Dancing with the Stars – ShinAwiL Ltd
Ultimate Hell Week – Motive Television
Marty & Bernard – On The Road Again – ShinAwiL Ltd
3 – Sraith Faisnéise
David Brophy’s Unsung Heroes – Tyrone Productions
Big Life Fix – Kite Entertainment
The Boys In Green – Loosehorse
4 –Faisnéis Aonair
Abbeyfealegood – Atom Films
Love & Loss in a Pandemic – RTÉ
Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige – Lugh Films, Dearcán Media, Tita Productions
5 – Spórt
Laochra Gael – Kieran Donaghy – Nemeton TV
New Gaels – Poolbeg Productions
Sky Sports Coverage of the GAA Championships – Sky Sports
6 – Nuacht & Cúrsaí Reatha
RTÉ Investigates – Inside Ireland’s Covid Battle; Life & Death – RTÉ
COVID News Special – Opening up the Country – Virgin Media News
General Election 2020 – Results Coverage – RTÉ
7 Beochan
The Voyage – JAM Media
The Christmas Letter – Dream Logic Animation
The Dead Hands of Dublin – Pink Kong Studios
8 – Fíorasach Speisialta
The Funeral Director – GMarshTV Productions
The Francis Street Photographer – Zucca Films/That’s A Wrap TV
Cogadh ar Mhná/A War on Women – ForeFront Productions
9 – Clár do Pháistí
Home School Hub – Macalla Teoranta
Tina Times Two – Dyehouse Films
Sol – Paper Owl Films