Ranganna amhránaíochta na Cultúrlainne agus imeachtaí eile
Féile na Gaeilge
Domhnach 18 Aibreán @16:00
Tá féile lae eagraithe ag an Irish Arts Centre in New York agus réimse imeachtaí beartaithe ag Gaeil an Úill Mhóir – ranganna Gaeilge agus taispeántas scannáin ina measc.
Is féidir clárú anseo.
GaelGram: Seoladh Oifigiúil
Céadaoin 21 Aibreán @16:00
Uirlis nua ghramadaí don ríomhaire Gaelach is ea GaelGram. Is uirlis úrnua é a dhear Diarmaid Mac Mathúna is féidir a úsáíd agus tú ag ar an ríomhaire le cinntiú go mbíonn do chuid scríbhneoireachta cruinn ceart ar nós Grammarly an Bhéarla.
Is féidir clárú anseo https://gaelgramseoladh.gr8.com/
Rang Amhránaíochta
Déardaoin 22 Aibreán @18:00
Tá na ranganna amhránaíochta le Cultúrlann McAdaan Ó Fiaich faoi lán seoil arís agus deis anseo duit snas a chur ar do ghlór agus bheith réidh le canadh nuair a bhíonn cead againn bheith le chéile arís. Beidh na ranganna ar siúl ar feadh 10 seachtaine gan costas.
Le clárú téigh chuig https://culturlann.ticketsolve.com/shows/1173609987
Ióga trí Ghaeilge
Déardaoin 22 Aibreán @20:00
An ar thóir an tsuaimhnis atá tú? Síneadh mór fada uait tar éis na haimsire a bhí againn an tseachtain seo? Buíochas le Pleanáil Teanga Árainn Mhór, tá deis agat anois chun do scíth a ligean ag rang ióga ar líne!
Tuilleadh eolais ag ptarainnmhor@gmail.com
Ceardlann Scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht
Tá ceardlanna scríbhneoireachta bunaithe ar an dinnseanchas á n-eagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar leis an bhféile litríochta CÚIRT an mhí seo chugainn. Beidh an dá cheardlann ar siúl ar líne do scríbhneoirí a bhfuil spéis acu i ‘Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas’. Is iad Máire Uí Dhufaigh agus Micheál Ó Conghaile a bheidh ag stiúradh na gceardlann a bheidh ar siúl ar an 10 Bealtaine agus an 17 Bealtaine. Níl ach méid áirithe spásanna ar fáil do na ceardlanna seo agus moltar do scríbhneoirí cur isteach orthu go luath. Is é an 5 Bealtaine an sprioc.