Creideann Gaelfast go bhfuil an aclaíocht níos tábhachtaí ná riamh anois, go háirithe i ndiaidh na dianghlasála, agus féachann siad le sláinte choirp agus sláinte mheabhrach na bpáistí a chur chun cinn fríd an chraic agus spraoi taobh amuigh.
Bhuail Meon Eile leis na cóitseálaithe Damian McCallin agus Alfie Hannaway i nGaelscoil Ghleann Darach, áit a ndearna siad seisiún traenála le rang 6. Labhair muid fosta leis an múinteoir Caitlín O’Connor agus le beirt daltaú scoile, Fianna agus Pearse.
Is feidir dul anseo le tuilleadh eolais a fháil ar Gaelfast nó le spás a chur in áirithe do do scoil don bhliain seo chugainn.