Tá deireadh á chur leis an eagraíocht abhcóideachta teanga neamhspleách ó thuaidh POBAL de bharr easpa maoinithe.
I ráiteas a cuireadh amach tráthnóna dúradh gur údar áiféala é do choiste agus d’fhoireann na heagraíochta go mbeidh a n-oifig á dúnadh ar an 30 Aibreán.
Dhéanfaí an eagraíocht a scor ina dhiaidh sin, a dúradh, ach táthar ag súil go gcoiméadfar beo go dtí Márta na bliana seo chugainn na suímh idirlín www.pobal.org agus www.pobalealain.org le gur féidir ábhar orthu a íoslódáil.
Dúradh go raibh sé á bheartú deireadh a chur le POBAL “cúig bliana díreach glan i ndiaidh d’Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le maoiniú do na grúpaí ar fad lonnaithe sna sé chontae a bhí ag fáil bunmhaoiniú roimhe sin”.
Dúradh gur ag fuirseadh na déirce a bhí POBAL ó shin.
“Tugadh an maoiniú seo do shé eagras a raibh ceanncheathrúna acu i mBaile Átha Cliath. Ón am sin i leith, agus le fostaí amháin páirtaimseartha in áit na sé phost lánaimseartha a bhí againn roimhe, lean POBAL ar aghaidh ag obair ar chlár cuimsitheach, dúshlánach oibre. Fuair muid cuidiú ó dheontas beag ó Chomhairle Bhéal Feirste faoina sruth ‘Acmhainn an Phobail a Fhorbairt’ agus tharraing muid ar chúlchistí na heagraíochta leis na costais eile a íoc. Choinnigh muid ár gcuid oibre i mbéal an phobail, go háirithe maidir le hAcht na Gaeilge, feachtais a chruthaigh is a stiúir muid ó bhí 2004 ann,” a dúradh i ráiteas POBAL.
Luadh i measc bhuaicphointí na heagraíochta an taighde a rinneadh i réimse na gceart teanga.
“Rinne muid tograí taighde ceannródaíocha, thuairiscigh ar ais chuig Comhairle na hEorpa agus d’imir tionchar nach beag ar chur i bhfeidhm uirlisí idirnáisiúnta – leithéid Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Creat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta – agus lean muid linn ag cur comhairle agus tacaíochta ar fáil do phobal na Gaeilge, de réir a chuid riachtanas agus a aislinge.
“Ba mhór linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a thacaigh linn le fiche bliain anuas agus guímid gach rath ar ár mbaill.”