Rinneadh dí-adhlacadh inniu ar thaisí linbh a aimsíodh 37 bliain ó shin ar thrá i gCathair Saidhbhín i gCiarraí.
I ráiteas a chuir an Garda Síochána amach anocht, dúradh gur deineadh dí-adhlacadh ar ‘Baby John’ (an ‘Kerry Baby’) mar chuid d’fhiosrúchán leanúnach.
Baineadh na taisí as an uaigh i reilig Holy Cross i gCathair Saidhbhín ar maidin agus scrúdaíodh iad i marbhlann Ospidéal na hOllscoile i dTrá Lí.
Cuireadh taisí Baby John i reilig Holy Cross arís tráthnóna, a dúirt na Gardaí.
Aimsíodh corp ‘Baby John’ ar an dTrá Bhán ar an 14 Aibreán 1984.
Ar ordú Aire, agus i gcomhréir leis an Acht Cróinéirí 1962, a rinneadh dí-adhlacadh ar thaisí an linbh le breacadh an lae.
Gardaí as ceantar Chill Airne a rinne an dí-adhlacadh, le Gardaí ón mBiúró Teicniúil, Aintraipeolaí Fóiréinseach agus baill foirne de chuid Chomhairle Contae Chiarraí agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Tá Cróinéir Dheisceart Chiarraí á choinneáil ar an eolas faoin scéal.
Tá na Gardaí den tuairim go bhfuil daoine ann i gcónaí a bhfuil eolas acu faoi mharú ‘Baby John’ i 1984 agus tá siad ag impí ar na daoine sin cabhrú leo.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí ag stáisiún Chill Airne ar 064 6631222 ar an líne 1800 666 111 nó ag aon stáisiún Gardaí.