Ardú beag ar liúntais leasa shóisialaigh, laghduithe ar cháin phearsanta, agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil do ghnóthaí, amhail an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh, a choinneáil.
Sin cuid de na gnéithe de Bhuiséad 2022 an lae inniu atá á dtuar.
Cosnóidh na tograí ar fad €4.7 billiún, €500 milliún ar an bpacáiste cánach agus €4.2 billiún ar an gcaiteachas breise. Caithfear billiún den airgead sin ar bhearta nua.
Tá an Buiséad a fhógairt tráth a bhfuil dea-thuar á dhéanamh faoi chúrsaí eacnamaíochta, rud a rachaidh chun tairbhe do chúrsaí airgeadais na tíre.
Easnamh €20 billiún a bhí á thuar i mbuiséad na bliana seo (2021) ach tá €7 mbilliún de laghdú gan choinne á thuar ar an easnamh sin.
Chinn an Rialtas cloí lena bpacáiste €4.7 billiún, d’ainneoin an toirtín sin.
Tá an-bhéim á cur ag an Rialtas ar a riachtanaí atá sé an costas maireachtála a smachtú tráth a bhfuil boilsciú againn agus costas fuinnimh ag ardú.
Táthar ag tuar go mbeidh cúnamh sa mBuiséad inniu do na hearnálacha seo – cúram leanaí, turasóireacht, fáilteachas, eitlíocht, siamsaíocht agus na healaíona.
Meastar go bhfaighidh daoine atá i dtuilleamaí liúntais leasa shóisialaigh, amhail liúntas cuardaitheora poist, €5 sa tseachtain d’ardú, rud a d’fhágfadh €208 acu.
Ní bhfuair pinsinéirí aon ardú le dhá bhliain agus ceaptar go bhfaighidh siad sin sa Bhuiséad seo – €5 de bhiseach ar an €248.30 atá ann faoi láthair atá á thuar.
Níl aon ardú á lua ar an alcól ach d’fhéadfaí 50 cent a chur ar an tobac.
Tá caint go leor go n-ardófar an liúntas breosla agus go mbeidh níos mó daoine ina theideal feasta.
Sa Dáil ag am lóin inniu a fhógrófar Buiséad 2022 ach a mbeidh beannacht an Rialtais tugtha dó.
Táthar ag súil le cuidiú don chúram sláinte – cúram dochtúra teaghlaigh in aisce do leanaí faoi sheacht mbliana d’aois agus an tairseach don scéim aisíoctha costas cógas a laghdú ó €114 go €100, laghdú a shábhálfadh €14 sa mhí do dhuine.
Tá €250 milliún á lua le déileáil leis na liostaí feithimh in ospidéil agus €30 milliún atá á lua don straitéis cúram ailse.
Tá €10 milliún á chur ar fáil chun tús a chur le scéim earraí frithghiniúna saor in aisce do dhaoine fásta óga.
Níl aon chaint ar cháin ioncaim ná cáin bhreisluacha a ardú ach d’fhéadfadh go n-athrófaí an t-ioncam ag a mbeidh rátaí níos airde cánach i bhfeidhm agus a mbíonn an Muirear Sóisialta Uilíoch le híoc.
Mar a bhí sa phlean i gcónaí ardófar an cháin charbóin €7.50 eile inniu, rud a fhágfaidh go mbeidh €41 an tonna i gceist.
In iarracht astaíochtaí gásanna ceaptha teasa a laghdú 7% i mbliana a tugadh an cháin sin isteach agus fágfaidh sé sin €1.28 sa bhreis ar umar 60 lítear díosail ó mheán oíche anocht.
Ón mBealtaine seo chugainn a ardófar praghas guail agus móna.
Meastar go n-ardófar an bunráta pá go €10.50 san uair agus tá caint go leor ar dhearbháin mar a bhí sa Scéim Fan agus Caith in 2020.
Tá caint ar dhreasachtaí cánach a thabhairt isteach do dhaoine atá ag obair ón mbaile, ina measc foráil a chúiteodh 30% den chostas fuinnimh a bhainfeadh le laethanta oibre sa mbaile le fostaithe.
Ón Lúnasa seo chugainn tá coicís bhreise á cur le saoire thuismitheoireachta, rud a fhágann seacht seachtaine ag tuismitheoir ar shaolú a linbh.
Níl an idirbheartaíocht thart go fóill faoi 700 Garda nua a chur leis an bhfórsa, 1,000 cúntóir riachtanais speisialta agus 400 múinteoir oideachas speisialta breise a chur sna scoileanna.