Tá feachtas náisiúnta sna meáin le seoladh an bhliain seo chugainn chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie go raibh súil aige go ndéanfaí “dul chun cinn” maidir le bunú an fheachtais sna meáin sa chéad ráithe de 2022.
Ní cosúil, áfach, go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas macasamhail an mhórfheachtais náisiúnta teanga a seoladh in Albain le déanaí a thosú anseo.
Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Aire Stáit an raibh sé i gceist ag an Rialtas abhus a machnamh a dhéanamh ar leithéid SpeakGaelic, is d’fheachtas meán atá geallta i gClár an Rialtais amháin a thagair an tAire Jack Chambers.
Dúirt an tAire Stáit go raibh an feachtas sin chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta ar bun cheana féin “tríd obair” na nOifigeach Pleanála Teanga, Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Ghlór na nGael, Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge “ar fud na tíre”.
Mheas an tAire Stáit go raibh “dul chun cinn an-mhaith” déanta cheana féin maidir le cur chun cinn na teanga sna háiteanna sin agus dúirt sé go raibh sé ag súil “go ndéanfar dul chun cinn maidir le feachtas meán a chur ar bun sa chéad ráithe de 2022”.
Seoladh an feachtas SpeakGaelic in Albain an tseachtain seo caite, feachtas a bhfuil maoiniú £4 mhilliún curtha ar fáil dó ag rialtas Albain.
Mar chuid den fheachtas, tá ábhar foghlama le cur ar fáil ar shuíomh gréasáin nua, craolfar ábhar raidió agus teilifíse ar an BBC agus tá sé i gceist ranganna saor in aisce a eagrú ar fud na tíre chun deis a thabhairt do dhaoine an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Dúirt idir pholaiteoirí agus saineolaithe in Éirinn gur cheart macasamhail an fheachtais a chur ar siúl anseo chun suim sa Ghaeilge a spreagadh.
Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, gur “dea-smaoineamh” a bheadh ann a leithéid a chur ar bun in Éirinn agus gur chóir don Rialtas an scéal a fhiosrú.
Thagair Conradh na Gaeilge agus an sochtheangeolaí aitheanta, an Dr. John Walsh, don tsuim atá léirithe ag pobal na tíre seo an Ghaeilge a fhoghlaim agus dúirt an Dr Walsh gur “doras isteach sa Ghaeilge” a bheadh ina leithéid d’fheachtas.
Reáchtálfar an feachtas SpeakGaelic in Albain thar thréimhse trí bliana ach táthar ag díriú i dtosach ar dhaoine nach bhfuil Gàidhlig ar bith acu nó daoine atá imithe as cleachtadh an teanga a labhairt.