Buaileadh bob arís ar iarcheannaire UKIP agus “tiocfaidh ár lá” ráite aige i dteachtaireacht físe a cuireadh amach ar líne. Cé nár thuig sé féin é, ghuigh Farage breithlá sona ar Gerry Adams, ar iarUachtárán Shinn Féin, san fhíseán céanna.
Seo an dara huair le seachtain a bhfuil cleas imeartha ar Farage agus manaí de chuid an IRA ráite aige i bhfíseáin a scaipeadh ar an suíomh Cameo.
An tseachtain seo caite, dúirt Farage ‘Up the Ra’ i bhfíseán a thaifead sé féin ag gabháil breithlá sona do dhuine dá leantóirí.
Tricking Nigel Farage into saying “up the RA” for money is absolutely fantastic. pic.twitter.com/sOyxqyQipH
— Rob Smith (@robsmithireland) October 11, 2021
Ghabh Farage leithscéal ó shin faoi úsáid an mhana phoblachtánaigh sin agus dúirt sé nár thuig sé brí na bhfocal ar iarradh air iad a rá sa teachtaireacht.
Cuireadh faoi agallamh é mar gheall ar an eachtra chonspóideach ar chlár Claire Byrne ar RTÉ ag tús na seachtaine, ach dhá lá ina dhiaidh sin tá sé sáinnithe ina macasamhail de chonspóid.
Dúradh go bhfaigheann Farage £87 ar fhíseán a scaiptear ar an suíomh Cameo, a thugann deis do dhaoine aitheanta teachtaireachtaí pearsanta a scaipeadh ar a gcuid leantóirí.
“Well hello Gerard,” a dúirt Farage agus tús á chur aige leis an fhíseán is déanaí.
Dúirt sé ansin go raibh Con agus Mag i dteagmháil leis agus iarratas acu go nguífeadh sé breithlá sona ar Gerry a bhí 71 d’aois. Dúirt sé ansin go raibh an ‘seandream’ Tiocfaidh ár Lá’s in Brighton ag súil go mór le Gerry a fheiceáil.
Dúirt Farage go bhfuair sé scéal Gerry ar fad ó Con agus Mag agus gur thuig sé go raibh sé ina cheannaire ar an fhoireann ar feadh i bhfad.
Cheiliúir iarUachtarán Shinn Féin a bhreithlá níos túisce an mhí seo, ar an 6 Deireadh Fómhair.