Tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a bhfuil sé mar aidhm aige astaíochtaí carbóin a laghdú 51% faoin mbliain 2030 seolta ag an Rialtas.
Cuireann an plean €125 billiún roimhe laghdú mór a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin i réimsí éagsúla den saol, cúrsaí gnó, talmhaíochta, iompair, fuinnimh, tithíochta agus tógála.
I gcás an leictreachais, mar shampla, caithfear astaíochtaí a laghdú idir 62% agus 81%. Laghdú idir 22% agus 30% atá á éileamh i gcás na talmhaíochta agus idir 29% agus 41% atá i gceist i réimse na fiontraíochta. Tá 40 gníomh luaite le cúrsaí talmhaíochta sa phlean ach ní luaitear aon laghdú ar na tréada bó ná caorach.
Tá laghdú idir 44% agus 56% á éileamh ar astaíochtaí i réimse na tithíochta agus na tógála. Chun sin a bhaint amach cuirfear tús le Plean Aisfheistithe Náisiúnta nua.
Tá sé i gceist fáil réidh le leictreachas bunaithe ar mhóin agus ar ghual de réir a chéile agus an sprioc atá ann ná gur fuinneamh gaoithe agus gréine a bheidh in
80% d’fhuinneamh an stáit faoi 2030.
An sprioc atá ann ná go mbeadh an stát neodrach ó thaobh carbóin de faoin mbliain 2050.
Chuige sin, tá athruithe móra beartaithe sa tslí a mairimid – ar an tslí a théitear ár dtithe, ar na cairr a bhíonn á dtiomáint againn agus ar an mbia a bhíonn á tháirgeadh againn.
Bunófar ciste Athrú Cóir nua a mbeidh na billiúin ann chun cabhrú le daoine saol níos glaise a chaitheamh.
Seolfar plean nua foraoisithe in 2023.