Bhí fonn is faitíos uirthi a dhul ann. Sin é a dúradh faoi chailín a bhí le seoladh go hÁrainn ar bhord púcáin. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi dhuine a bhí ag cuimhneamh ar a dhul go Meiriceá ach a raibh faitíos air roimh an turas eitleáin.
Mar sin féin is minic a chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos ag a leithéid de dhuine.
Is iomaí bealach a mbíonn fonn ar dhaoine – fonn gáire, oibre, cainte, caointe, achrainn. Thiocfadh fonn múisce ar dhuine freisin, ach sin scéal eile. Fonn a níos fiach agus gabhtar fonn le fonn agus fonn le mífhonn.